Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Pobal agus Fiontraíocht

Loch O Flynn,

Ros Comáin

Aonad Cuimsithe

Shóisialta Ros Comáin

(Aonad CS)

Is í príomhfheidhm an Aonaid CS ná

Cuimsiú Sóisialta a dhaingniú i gcomhlacht

corparáideach Chomhairle Contae Ros

Comáin agus comhoibriú le heagraíochtaí

agus le gníomhaireachtaí eile ar fud an

chontae trí struchtúir mar an BFCRC agus

Grúpa Céimeanna Cuimsithe Shóisialta

an BFCRC. I rith 2011 bhí an tAonad CS

rannpháirteach i roinnt imeachtaí Cuimsithe

Sóisialta agus chuir clár imeachtaí a raibh

an-rath air ar siúl le linn na Seachtaine

um Chuimsiú Sóisialta i mí Dheireadh

Fómhair.D’eagraigh an tAonad CS an dara

Scéim Dámhachtainí Rochtana do Chách ar

éirigh thar barr leis maidir le hiarrachtaí

fhiontraíochtaí na hearnála príbháideach a

aithint maidir le rochtain ar a ngnó a mhéadú.

Turasóireacht

Ba í 2011 an dara bliain ar cuireadh Straitéis Turasóireachta Chontae Ros Comáin 2010 – 2014

i bhfeidhm.Lean obair líonraí turasóireachta an phobail. Tá Ros Comáin á chur chun cinn sna

‘Lakelands’. Thóg Comhairle Contae Ros Comáin a bpolasaí comharthaíochta turasóireachta

i gcúram.Déanadh muiríne 40-beart a fhorbairt ag Loch Cé, agus bhí Comhairle Contae Ros

Comáin rannpháirteach i soláthar chonláistí turasóireachta ar scála beag Loch Eiread, Loch

O Flynn ar fud an chontae. Déanadh tuilleadh forbartha ar Ros Comáin Fíorúil, go n-áireofaí

eolas iomchuí turasóireachta ann. Lean Comhairle Contae Ros Comáin le tacaíocht a thabhairt

d’fhéilte sa chontae agus le hoibriú le Fáilte Éireann agus le Comhpháirtíocht Leader Ros

Comáin le tionscadail éagsúla turasóireachta a chur chun cinn.

Fóraim Pobail Ros Comáin

Seoladh Dhámhachtainí Rochtain do Chách 2011

An tSeachtain um Chuimsiú Sóisialta 2011

Lean Comhairle Contae Ros Comáin ag tacú le hobair na bhFóram Pobail le linn 2011. Tá

dhá Fhóram ag feidhmiú sa chontae – Fóram Pobail Ros Comáin Thuaidh agus Fóram Pobail

Ros Comáin Theas. Fostaíonn siad Oibrí Forbartha amháin a éascaíonn an dá Fhóram.

Bunaíodh na Fóraim ar dtús le héascú a dhéanamh ar ionchur na bpobal sa phróiseas CDB

agus sna Coistí Polasaí Straitéiseach an údaráis áitiúil. Tá leathnú déanta ar an ról seo le

comhairliúchán agus rannpháirtíocht le roinnt tionscnamh áitiúl a áireamh. Tá na Fóraim

maoinithe go príomha ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, RCPRÁ, agus

Comhairle Contae Ros Comáin.

Comhairle Contae Ros Comáin 25