Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Dreasachtaí agus Rialú Forbartha

Struchtúr Cosanta Chaisleán Ros Comáin

Réiteach Fhorbairtí Neamhchríochnaithe Tithíochta

Tá 230 forbairt tithíochta i Ros Comáin faoi láthair nach bhfuiltear tar éis ceannas a ghlacadh orthu, agus

mar sin is é is dóichí go bhfuil siad neamhchríochnaithe fad áirithe. De na forbairtí seo ceapadh 114 a bheith

neamhchríochnaithe i suirbhéireacht an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (RCPRÁ), ar ceapadh

ceisteanna suntasacha sábháilteachta pobail a bheith ag baint le 54 acu.

Tá foireann na bhForbairtí Neamhchríochnaithe Tithíochta curtha ar bun ag Comhairle Contae Ros Comáin agus

í ag obair le forbairtí neamhchríochnaithe tithíochta sa chontae a réiteach ar na slite seo a leanas:

gg

gg

gg

gg

Teagmháil le forbróirí, gníomhaíochtaí maoinithe, glacadóirí agus/nó lucht cónaithe le haontú agus

feidhmiú a dhéanamh ar Phleananna Réitigh Láithreáin d’fhorbairtí neamhchríchnaithe tithíochta.

Nuair nach féidir aontú ar réiteach, agus nuair a cheaptar go bhfuil sé indéanta, is féidir gníomh

forfheidhmiúcháin a ghlacadh faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt (toisc gan an cead pleanála

a chomhlíonadh) nó faoin Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta) (maidir le hÁiteanna Contúirteacha

agus Struchtúir Chontúirteacha).

Tá oibreacha déanta ar seacht bhforbairt faoi Thionscnamh Sábháilteachta Poiblí an Roinn Comhshaoil,

Pobail agus Rialtais Áitiúil le híoslaghdú a dhéanamh ar ghuaiseacha sábháilteachta poiblí.

Níl ceannas glactha fós ar dhá chéad agus trí fhorbairt déag tithíochta i Ros Comáin agus tá siad faoi réir

bhannaí mar urrús go gcríochnófar an fhorbairt go sásúil. Déanadh éileamh ar bhannaí i 108 cás.

Bailiú Rannaíocaíochtaí Forbartha

De réir Alt 48 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000-2010 ghlac Comhairle Contae Ros Comáin

chuici féin Scéim Ranníocaíochta Forbartha a tháinig i bhfeidhm ar an 24ú Samhain, 2008, ag cur ar chumas

Chomhairle Contae Ros Comáin Ranníocaíocht Forbartha a ghearradh ar gach Iarratas Pleanála.

Tugtar sonraí sa tábla seo a leanas ar na ranníocaíochtaí a gearradh, ar cuireadh sonrasc chucu agus a íocadh

faoin i rith 2011, agus soláthraíonn sé comparáid le 2010.

2010 2011

Ranníocaíochtaí a gearadh faoi Chead Pleanála a deonadh i rith na bliana €2,253,484 €1,480,108

Ranníocaíochtaí ar cuireadh sonrasc chucu i rith na bliana (Tús curtha le Forbairt) €1,181,620 €1,586,251

Ranníocaíochtaí a fuarthas faoin Scéim Ranníocaíochta Forbartha €1,284,622 €969,317

Comhairle Contae Ros Comáin 35