Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Seirbhísí Uisce

Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach an Oirthuaiscirt: Tá an phleanáil mhionsonraithe críochnaithe le hionad

nua cóireála uisce a sholáthar don cheantar. Fuarthas faomhadh tairiscint a lorg don ionad cóireála agus don

phríomhphíobán aníos i 2011. Rachfar ar aghaidh le tairiscint a lorg don phíblíne i mí Feabhra 2012 agus leanfaidh

na hoibreacha cóireála, a luaithe agus a aontaítear ar na ceadúnais reachtúla. Meastar go mbeidh costas €16

milliún ar an scéim.

Scéim Soláthair Uisce Réigiúnach Ros Comáin Thiar: Nascfar scéim Réigiúnach Ros Comáin Thuaidh,

scéimeanna Uirbeacha agus Tuaithe an Chaisleáin Riabhaigh agus scéim Bhaile an Locha/Loch Glinne le Scéim

Soláthair Uisce Réigiúnach Ros Comáin Thiar a chruthú. Cuireadh an Réamhthuarascáil agus na moltaí maidir

le huasghrádú na scéime faoi bhráid na Roinne. Críochnaíodh tuarascáil bhreise, bunaithe ar chuíchóiriú na

scéime i 2011 agus cuireadh isteach é freisin agus táthar ag feitheamh ar fhaomhadh. Táthar ag dul ar aghaidh

le réamhoibreacha, ar a n-áirítear soláthar ar bhac cripteaspóiridiam agus líonra nua píobán ag an gCaisleán

Riabhach agus críochnófar iad i 2012.

Caomhnú Uisce: Tosaíodh ar Chéim a Trí den Chlár Caomhnaithe Uisce go déanach i 2010. Is é atá i gceist leis

an gcéim seo clár substaintiúil athshlánaithe príomhlíonra atá faofa ar chostas €10.5 milliún agus é le bheith

críochnaithe thar thréimhse trí bliana. Tosaíodh ar chonradh d’athshlánú 30km i 2011 agus críochnófar é i 2012.

Loirgíodh tairiscintí don dara scéim do 45km i 2011 agus bronnfar sin go luath i 2012. Rinne an Chomhairle

oibreacha athshlánaithe ar 20km breise trí shaothar díreach. Baineadh laghdú foriomlán 25% amach ar an

éileamh ar uisce faoi dheireadh 2011 faoin gclár. Tá beirt fostaithe go lánaimseartha le sceitheadh a bhrath,

monatóireacht a dhéanamh agus sonraí a thaifead. Tá deisiúchán ar scéith uisce ar siúl go leanúnach.

Méadrú ar Uisce Neamhtheaghlaigh: Tá ar Údaráis Áitiúla méadar a chur ar gach nasc uisce neamhtheaghlaigh

mar chuid de Chreat Náisiúnta um Praghsáil Uisce an Rialtais. Leanann Veolia Water Ireland Ltd. ag feidhmiú

an tionscadail seo thar ceann na Comhairle. Déantar táillí uisce agus fuíolluisce a ghearradh anois ar bhonn

méadraithe agus bhí os cionn 8,500 méadar suiteáilte faoi dheireadh 2011. Bhí buanmhuirear de €25 in aghaidh

na ráithe i bhfeidhm i 2011, le táille d’uisce ar €1.22 in aghaidh an mhéadair chiúbaigh agus €1.50 in aghaidh an

mhéadair chiúbaigh d’fuíolluisce faoi seach.

Clár Uisce Tuaithe

Tionscadal le Cóireáil Uisce a Dhearadh, a Thógáil agus a Oibriú: Déanadh malgamú ar fhiche tionscadal

príobháideach go trí scéim nua comhoibríoch agus áiríodh le dhá scéim phoiblí iad, Cnoc an Chrochaire agus

An Leathcheathrú, i dtionscadal Dearaidh, Tógála agus Oibrithe. Déanadh sé ionad cóireála a chríochnú agus

a choimisiúnú i 2011. Is Glan Agua Ltd. a oibríonn iad thar ceann na gcomharchumann agus na Comhairle.

Caitheadh €1.9m ar an tionscadal i 2011.

Clár na Scéimeanna Beaga: Fuair an Chomhairle leithdháileadh de €426,000 ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta

agus Rialtais Áitiúil le huasghrádú a dhéanamh ar scéimeanna uisce poiblí agus séarachais in 2011, ar ionann é

agus 75% den chostas. Caitheadh €663,000 ar na scéimeanna go léir a chríochnú agus ar oibreacha a thosú ar

scéimeanna chláir 2011.

Tógáil i gCúram agus Nasc leis an bPríomhphíobán Poiblí: Fuarthas €63,120 don trí Ghrúpscéim – Greywood,

Doire na Ceárta agus Tigh Srathra – a nascadh leis an soláthar poiblí i 2011.

Naisc Uisce agus Séaraigh: Le linn 2011, eisíodh 76 ceadúnas ar fad do 83 nasc le príomhphíobáin uisce poiblí,

séarachas, agus grúpscéimeanna uisce. Eisíodh 49 ceadúnas oscailte bóthair.

Deontais Soláthair Indibhidiúla Uisce: D’fhéadfadh tithe nach bhfuil ceangailte den phríomhphíobhán poiblí

nó de scéim phríobháideach uisce a bheith i dteideal deontais chun uasghrádú a dhéanamh ar a soláthar má

tá a dteach os cionn seacht mbliana d’aois. Is ionann an deontas agus 75% den chostas, faoi réir ag uasmhéid

íocaíochta de €2,031. Íocadh €15,700 ar fad i ndeontais in 2011 le 8 n-iarratasóir.

Fóirdheontas maidir le Costas Feidhmiúcháin na nGrúpscéimeanna Soláthair Uisce: Tá fóirdheontais iníoctha le

scéimeanna mar chabhair le fritháireamh a dhéanamh ar na costais a bhain le soláthar uisce do thithe cónaithe

ó lá go chéile. Íocadh €426,200 le sé ghrúpscéim déag i 11 i leith éileamh a déanadh i rith na bliana. Faightear

an fóirdheontas ar ais ón Roinn.

66 Comhairle Contae Ros Comáin