Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre

Soilsiú Poiblí

Bronnadh conradh nua cothabhála do shoilsiú poiblí do réigiún Chonnachta, ina n-áirítear

limistéir riaracháin na gcúig chontae, ar Electric Skyline Ltd. i rith na bliana agus ceapadh

conraitheoir nua le feidhm ón 1ú Nollaig 2011. Is féidir lochtaí ar shoilsiú poiblí a logáil ar

líne ag www.electricskyline.ie nó Íosghlao ar 1890328587 idir 6 a.m. agus 8 p.m. go laethúil.

Déanann an Chuideachta patróil oíche ar bhonn rialta ar fud an chontae.

Tá na scéimeanna seo maoinithe ó Scéim

Ranníocaíochta Forbartha Chomhairle Contae Ros

Comáin/Taisteal níos Cliste.

Bóthar Nua Thuama, Fearann na Manach,

Baile Átha Luain

Leanadh le hoibreacha feabhsúcháin ar theascán 1.8 ciliméadar de

Bhóthar Nua Thuama ar ar theascán 0.2 de Sheanbhóthar Thuama i

bhFearann na Manach. Áiríodh ar na hoibreacha críochnaithe timpeallán

nua a thógáil ag crosbhealach Seanbhóthar Thuama agus Bóthar

Nua Thuama, soláthar ar shoilsiú poiblí, draenáil ar uisce dromchla,

seirbhísí a chur faoin talamh, cosán/slí rothar comhcheangailte, cosán

do choisithe, athdhromchlú bótahir, trasrianta do choisithe, cuas do bhusanna agus bearta

moillithe tráchta.

Ar na hoibreacha a bhí maoinithe faoin Tionscnamh Taistil níos Cliste, 2011 áirítear soláthar

dhá thrasrian coisithe faoi rialú soilse tráchta laistigh den luasteorainn 50 km ar an mBóthar

Réigiúnach R362 ar a dtugtar Bóthar Nua Thuama i bhFearann na Manach. Cuireann na

hoibreacha le hoibrithe eile feabhsúcháin a rinne an Chomhairle. Is bóthar suntasach

réigiúnach é an R362 ag nascadh Baile Átha Luin le Tuaim agus leis an Iarthar.

Trasrian Coisithe

agus oibrithe eile

bóthair a críochnaíodh

ag Bóthar Thuama,

Fearann na Manach

An Cuarbhóthar/Baile na Mainistreach,

Ros Comáin

Sa scéim seo tá soláthar i gceist do thrasrian nua coisithe ar an

mBóthar Náisiúnta den Dara Grád N63 lasmuigh de Scoil Náisiúnta

na Mainistreach do Bhuachaillí ar an gCuarbhóthar. Áirítear ar na

hoibreacha freisin soláthar oileáin láir do mhaolú tráchta agus ráille

le trasnú sábháilte a spreagadh do lucht scoile. Chuir Comhairle

Contae Ros Comáin trasrian nua coisithe freisin le ráillí i mBaile na

Mainistreach le freastal ar dhaltaí sa mheánscoil áitiúil, ar lucht úsáide

na leabharlainne agus ar an bpobal i gcoitinne.

Bóthar Bhaile na Mainistreach,

Mainistir na Búille

Áiríodh sa tionscadal seo soláthar 1.63 ciliméadar de chosáin agus

dhá thrasrian coisithe ar Bhóthar Bhaile na Mainistreach i Mainistir na

Búille. Soláthraíonn na hoibreacha nasc nua idir lár Bhaile Mhainistir

na Búille agus Páirc Foraoise Loch Cé ar díol spéise do thurasóirí é.

soláthraíodh trasrianta coisithe ag suíomhanna iomchuí ar a n-áirítear

na bealaí isteach sna scoileanna atá ann.

Trasrian Coisithe ag Leabharlann/CBS Ros Comáin

i mBaile na Mainistreach, Baile Ros Comáin

Cosáin críochnaithe ag Bóthar Bhaile na

Mainistreach, ar an mbealach chuig Port na Carraige

Comhairle Contae Ros Comáin 61