15.06.2014 Views

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre

Oibreacha a críochnaíodh

ag Corr an Tobair ar a

n-áirítear cosáin agus

trasrian coisithe

Corr an Tobair,

Cora Droma Rúisc

Tá soláthar sa scéim seo do 185 méadar de chosáin siar

ón droichead nua a tógadh ag nascadh Chorr an Tobair

le Cora Droma Rúisc agus an acomhal idir Bhóthar N4

Shligigh agus an Bóthar Réigiúnach R368. Áirítear sna

hoibreacha freisin soláthar dhá thrasrian coisithe faoi

rialú soilse tráchta. Bhí athrú ar thrácht Chnoc Liberty

go córas aontreo áirithe sa scéim freisin.

Droichead nuathógtha ag nascadh Chorr

an Tobair le Cora Droma Rúisc

Clár Sábháilteachta ar Bhóithre

Lean Comhairle Contae Ros Comáin le cur chun cinn roinnt tionscnamh sábháilteachta

ar bhóithre i 2011. Déanadh fóirdheonú ar an Tionscnamh Oiliúna Rothaíochta i roinnt

bunscoileanna ar fud an chontae. Cuireadh maoiniú ar fáil freisin don chlár Drive Safe for

Life atá dírithe ar dhaltaí idirbhliana sna meánscoileanna. Déanann na cúrsaí daltaí a oiliúint

ar cheisteanna sábháilteachta ar bhóithre agus cuireann siad dea-chleachtais chun cinn do

thiománaithe na todhchaí. Rinne an Chomhairle maoiniú ar dhuaiseanna do na hiontrálacha

buachana sa Chomórtas Póstaeir do Shábháilteacht ar Bhóithre a d’eagraigh An Garda Síochána

le 24 bunscoil agus 416 dalta rannpháirteach ann.

Tháinig Coiste Sábháilteacht le Chéile ar Bhóithre le chéile i rith na bliana agus rinne na

baill ciaradh ar roinnt ceisteanna a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre. Déanadh Plean

Sábháilteachta ar Bhóithre Chontae Ros Comáin 2010 – 2013 a chur chun cinn agus a

scaipeadh ar pháirtithe leasmhara i rith na bliana.

62 Comhairle Contae Ros Comáin

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!