15.06.2014 Views

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Seirbhísí Corparáideacha agus Éigeandála

Deontais Ardoideachais

Déanann Comhairle Contae Roscomáin riaradh ar an Scéim Deontais Ardoideachais i 2011

do mhic léinn ag dul le hoideachas 3ú leibhéal. Caithfidh na hiarrthóirí a bheith i mbun

chúrsa lánaimseartha fochéime dhá bhliain ar a laghad in Ollscoil nó instiúid tríú leibhéal,

a choimeádtar nó a gcabhraítear leis le deontais atréimhseacha ó chistí poiblí in Éirinn nó i

mBallstát eile an A.E., nó cúrsaí lánaimseartha iarchéime a mhaireann ar a laghad 1 bliain in

Éirinn, ar a n-áirítear Tuaisceart Éireann. Tá téarmaí agus coinníollacha i gceist.

Sa bhliain acadúil 2011/2012, thug Comhairle Contae Ros Comáin cúnamh deontais do 619

mac léinn ag leibhéal fochéime agus do 87 mac léinn iarchéime. Íocadh beagnach €4m thar

ceann mic léinn. Ina theannta sin, bhí 145 mac léinn i dteideal an Deontais do Ráta Speisialta

Cothabhála (Breisiú).

D’fhógair an Roinn Oideachais go gcaithfidh gach iarratasóir nua ar Dheontas Ardoideachais

ó Mheán Fómhair 2012 ar aghaidh, iarratas a dhéanamh chuig Tacaíocht Uilíoch Mac Léinn

Éireann (TUMLÉ – ar rannán de CGOid Chathair Bhaile Átha Cliath é). Leanfaidh na hÚdaráis

Áitiúla le próiseáil a dhéanamh ar iarratais athnuachana do mhic léinn a bhfuil deontas á dhíol

acu leo cheana féin go dtí go mbíonn a gcúrsa reatha críochnaithe ag na mic léinn sin.

Láithreáin Tréigthe

Tá soláthar in Acht na Láithreán Tréigthe 1990 do shocruithe éifeachtacha ar dhearóiliú

talún. Éilíonn Alt 3 den Acht go gcoimeádann údaráis áitiúla clár ar láithreáin thréigthe. Ina

theannta sin, leagann sé dualgas ginearálta ar úinéirí agus ar áititheoirí talún ar a n-áirítear

comhlachtaí reachtúla agus údaráis stáit le cosc a chur ar thalamh a bheith nó leanúint le

bheith ina láithreán tréigthe. Caithfidh na húdaráis áitiúla gach céim réasúnta a ghlacadh lena

chinntiú nach n-éiríonn talamh ina gceatar feidhme tréigthe.

Rialú Madraí

Faoi fhorálacha an Achta um Rialú Madraí 1986, tá freagracht ar an Údarás Áitiúil as rialú

madraí laistigh de limistéar Chontae Ros Comáin. Déantar seo i gcomhar le C. É. F.A. le

ranníocaíocht díreach de €97,754 ó Chomhairle Contae Ros Comáin i 2011.

I 2011, déanadh láimhseáil ar 280 madra ar strae/nach raibh ag teastáil sa phóna madraí:

thóg na húinéirí 30 madra ar ais; fuarthas teach nua do 47 acu, agus cuireadh 203 acu chun

báis, faraor. Tá ar gach úinéir madra ceadúnas reatha a bheith acu de réir dlí ar féidir é a

cheannach ó aon Oifig an Phoist ar chostas €20. I 2011, eisíodh 3,193 Ceadúnas do Mhadraí

agus ba é an teacht isteach iomlán ó cheadúnais agus ó fhíneálacha ná €32,100.

Feidhmeanna Tréidliachta

Feidhmíonn Comhairle Contae Ros Comáin conradh seirbhíse le hÚdarás Sábháilteachta Bia

na hÉireann, ÚSBÉ, le maoirseacht a dhéanamh ar shábháilteacht bia in 10 seamlas agus

7 monarcha neamhspleách táirgeachta feola. Déanann Oifigeach Tréidliachta Chomhairle

Contae Ros Comáin agus Cigirí Sealadacha Tréidliachta, C.S.Tanna maoirseacht ar an marú.

Scrúdaítear gach ainmhí roimh bháis lena chinntiú go mbíonn siad sláintiúil agus ullamh le

marú.Deimhnítear inrianaitheacht na n-ainmhithe freisin. Scrúdaítear gach ainmhí tar éis é a

mharú lena chinntiú go bhfuil an fheoil maith go leor le n-ithe. Cuirtear stampa ar gach feoil a

bhíonn maith go leor le n-ithe le marc sláinte ar chiorcal a bhíonn ann leis na litreacha Ireland,

agus uimhir faofa an áitribh agus na litreacha E.C. I 2011, maraíodh 3,230 eallach agus 6,592

caora i seamlais faoi mhaoirseacht Údaráis Áitiúil i gcontae Ros Comáin.

28 Comhairle Contae Ros Comáin

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!