Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Tithíocht agus Tógáil

Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC)

Is é atá i gceist leis an Scéim um Chóiríocht Cíosa a tugadh isteach i 2004, ná go nglacann

údaráis áitiúla freagracht go forásach as cóiríocht a dhéanamh ar fhaighteoirí liúntais cíosa a

bhfuil sainriachtanas fadtéarmach tithíochta acu, trí chomhaontuithe díreacha idir na húdarás

áitiúil agus an earnáil phríobháideach cíosa. I 2011 aistríodh 94 aonad faoin scéim. Ba iad líon

iomlán na n-aonad sa scéim ag deireadh 2011 ná 361.

Scéimeanna Deonacha Tithíochta

Déanann an earnáil dheonach tithíochta clár tógála tithíochta na Comhairle a fhorlíonadh

trí aonaid de chóiríocht ar chíos a sholáthar do dhaoine go bhfuil gá acu d’athchóiríocht.

Bíonn dlúththeagmháil ag Comhairle Contae Ros Comáin leis na Cumainn Dheonacha agus

measúnú á dhéanamh ar an éileamh i gceantar áirithe nó nuair atá tionóntaí cuí á roghnú ach

bíonn ról maoirseachta aici chomh maith i ndearadh agus i dtógáil tionscadal. Críochnaíodh

22 scéim faoin gClár seo, ag soláthar 150 aonad breise cóiríochta ar cíos.

Forbairt Tithíochta

de chuid Chomhairle

Contae Ros Comáin ag

Gleann an Mhainéir,

Fearann na Manach,

Baile Átha Luain.

Straitéis Tithíochta - Cuid V

De réir fhorálacha Chuid V an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, mar a leasaíodh, ghlac

Comhairle Contae Ros Comáin leis an Straitéis Tithíochta 2001 – 2006 (ar síneadh ina dhiaidh

sin go 2008). Is cuid de Phlean Forbartha Contae Ros Comáin 2008-2014 é an Straitéis Tithíochta

reatha 2008-2014. Is féidir iallach a chur ar fhorbróirí tailte atá criosaithe chun cónaithe nó

go ginearálta suas le 20% den láithreán ábhartha a chur i leataoibh do sholáthar tithíochta

sóisialta agus inacmhainne. Tá roghanna eile ann mar talamh nó láithreáin a sholáthar in

áiteanna eile, dul i gcomhpháirtíocht le Cumann Deonach Tithíochta nó ranníocaíocht airgid

a dhéanamh. Trí dhul i gcaidreamh le forbróirí, déanadh roinnt socruithe, ag tabhairt tithe

sóisialta agus inacmhainne i Ros Comáin, i bhFearann na Manach, sa Chaisleán Riabhach, i

Mainistir na Búille agus i mBealach an Doirín.

Comhairle Contae Ros Comáin 45