Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Tithíocht agus Tógáil

Feabhsú ar an Stoc Tithíochta/Uasghrádú Fuinnimh

Táthar ag leanúint le hobair ar uasghrádú a dhéanamh ar stoc tithíochta na Comhairle leis

an obair á maoiniú ó Fháltais Chaipitil Inmheánaigh agus leithdháileadh ECLG. Faoi Phlean

Éifeachtúlachta Fuinnimh 2011, déanadh leithdháileadh de €400,000 ar Chomhairle Contae

Ros Comáin d’aisfheistiú inslithe agus céimeanna eile éifeachtúlachta fuinnimh in éineacht

le hoibreacha ginearálta athchóirithe ar stoc folamh an Údaráis Áitiúil. Ag brath ar an

Rátáil Fuinnimh Foirgnimh, RFF, atá bainte amach, déanann an Roinn maoiniú de réir scála

aistritheach idir 90% agus 50% ar na costais suas go huasmhéid de €15,000 d’oibreacha

fuinnimh agus €20,000 d’oibreaca ginearálta in aghaidh an aonaid d’fholmhú fadtéarmach

(> 6 mhí folamh) agus suas le huasmhéid de €15,000 d’oibreacha fuinnimh agus €3,000

d’oibreacha ginearálta in aghaid an aonaid do chorrfholúntais (> 6 mhí folamh) leis an gcuid

eile á mhaoiniú ó Ioncam an Bhuiséid nó ó Fháltais Chaipitil go hInmheánach. Críochnaíodh

39 teach in 2011faoin scéim seo agus tugadh Teastais RFF dóibh. Áiríodh ar na hoibrithe

uasghrádú/rialú ar théamh lárnach, fuinneoga agus doirse dhéghloinithe agus uasghrádú

ar insliú chuasáin/lochta. Déanfar uasghrádú den chineál céanna ar a thuilleadh den stoc

tithíochta de réir mar a cheadaíonn maoiniú é.

Faoi Chomhlíonadh an Tionscnaimh Nua ar Chaighdeáin Tithíochta déanadh €122,189 a

leithdháileadh ar Chomhairle Contae Ros Comáin le hoibreacha ar leith a dhéanamh ar ár

stoc tithíochta. Críochnaíodh oibreacha ar 105 teach trí gach Ceantar Innealtóireachta faoin

gceannteideal seo le fócas ar chéimeanna sábháilteachta dóiteáin agus aeraithe. Déanfar

uasghrádú den chineál céanna ar a thuilleadh den stoc tithíochta de réir mar a cheadaíonn

maoiniú é.

Bainistíocht Eastát

Tá an tOifigeach Idirchaidrimh Tithíochta fostaithe le feabhas a chur ar chaidrimh idir

thionóntaí agus tiarnaí talún, chun an cleachtas is fearr i mbainistíocht agus i gcothabháil

stoic tithíochta a bhunú agus chun tionscnaimh bainistíochta eastát a fhorbairt. Faoi Alt 35

d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 ghlac Comhairle Contae Ros Comáin le

Straitéis maidir le hIompraíocht Fhrithshóisialta ar an 18ú Deireadh Fómhair 2010.

Áit Súgartha ag

Cathair na Bricne,

Baile Ros Comáin.

46 Comhairle Contae Ros Comáin