Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Acmhainní Daonna

Tá freagracht ar an Roinn Acmhainní Daonna maidir le:

gg

gg

gg

gg

gg

gg

gg

gg

Earcú agus imlonnú foirne

Oiliúint agus Forbairt Fhoirne

Bainistíocht Feidhmíochta

Leas Foirne

Polasaithe agus Modhanna Oibre Foirne

Bainistíocht Chomhionannais agus Ilchineálacht

Caidreamh Foirne Tionsclaíoch

Aoisliúntas / Pinsin Scoir

Aithníonn Comhairle Contae Ros Comáin gurb iad an fhoireann an acmhainn is luachmhaire san eagraíocht

agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir lena cuspóirí a bhaint amach. Cuireann an Chomhairle Contae

roimpi a chur ar chumas gach fostaí dá cuid a n-acmhainn iomlán a bhaint amach trí oiliúint leanúnach agus

rannpháirtíocht i bpleanáil agus i soláthar seirbhísí ardcháilíochta.

Comhionannas agus Ilchineálacht

Tá Comhairle Contae Ros Comáin tiomanta do phrionsabail chomhionannais rochtana, rannpháirtíochta agus

forthoraidh do chách maidir le soláthar seirbhíse agus le feidhm na nAcmhainní Daonna. Déanann an Chomhairle

Contae gach iarracht a chinntiú go gcaitear go cothrom le gach saoránach agus nach ndéantar leatrom maidir le

haon cheann de na húdair a aithníodh sa reachtaíocht chomhionannais.

Caidreamh Tionsclaíoch

Oibríonn an Roinn Acmhainní Daonna leis na Ceardchumainn agus Ionadaithe Foirne le dea-chaidreamh oibre a

bhaint amach agus tá sí tiomanta dea-thimpeallacht Caidrimh Thionsclaíoch a chur chun cinn.

Comhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010 - 2014

Cuireadh an chéad Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ag Comhairle Contae Ros Comáin i láthair in Earrach 2011, faoi

théarmaí Chomhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010 – 2014 (Comhaontú Pháirc an Chrócaigh) agus tugadh tuairisc

ar dhul chun cinn tathagach agus intomhaiste ar fhorfheidhmiú an Chomhaontaithe Baineadh sábháil beagnach

€3.25 milliún amach sa tréimhse atá faoi athbheithniú. In éineacht le sábháil, is mórchuspóir i gComhaontú

Pháirc an Chrócaigh é uasmhéadú a dhéanamh ar éifeacht agus ar tháirgiúlacht trí athbhreithniú ar chleachtais

oibre agus tionscnaimh eile. Ba mhaith le Comhairle Contae Ros Comáin buíochas a ghabháil le foireann

uile na Comhairle agus le hionadaithe na foirne as a gcomhoibriú, a solúbthacht agus a dtiomantas maidir le

rannpháirtíocht agus cur le forfheidhmiú an Chomhaontaithe go dtí seo.

Comhairle Contae Ros Comáin 49