Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Tithíocht agus Tógáil

Tá raon feidhmeanna á gcomhlíonadh ag Comhairle Contae Ros Comáin

faoin gclár seo ar a n-áirítear:

gg

gg

gg

gg

gg

gg

gg

An Clár Tógála Tithíochta ar a n-áirítear ceannach teaghaisí.

Cur chun cinn agus cur i bhfeidhm na roghanna tithíochta sóisialta trí na scéimeanna

éagsúla atá ar fáil.

Ag obair go dlúth in éineacht leis an earnáil dheonach, cíosa príobháidigh agus tógála

tithíochta le huasmhéadú a dhéanamh ar an soláthar tithíochta inacmhainne.

Cur i bhfeidhm na Straitéise Tithíochta trí oibriú go dlúth leis an Stiúrthóireacht

Pleanála agus Forbartha.

Polasaí tithíochta a chur chun cinn mar fheithicil do chuimsiú sóisialta agus le

hidirdheighilt shóisialta a laghdú.

Plean Gníomhaíochta Comhtháite d’Easpa Dídine a chur i bhfeidhm.

Athbhreithniú agus forfheidhmiú a dhéanamh ar an bPlean Cóiríochta do Thaistealaithe.

Measúnú ar Riachtanais do Chóiríocht Tithíochta

Faoi Alt 9 d’Acht na dTithe 1988, caithfidh na hÚdaráis Tithíochta measúnuithe a dhéanamh

go rialta ag idirthréimhsí ama nach sia ná trí bliana, ar an riachtanas atá le cóiríocht chuí a

sholáthar do dhaoine a bhfuil gá acu le hathchóiríocht. Thaispeánann an measúnú is deireanaí

a rinne Comhairle Contae Ros Comáin i Márta 2011 go raibh 483 iarratasóir ar an liosta

feithimh. Socraítear cáilitheacht do thithíocht shóisialta de réir na Rialacháin Measúnaithe

Tithíochta Sóisialta 2011 agus déantar leithdháileadh de réir na Scéime Tosaíochta Ligin.

Clár Infheistíochta Tithíochta Sóisialta (CITS)

Soláthraítear tithe sóisialta trí mheascán de thithe a thógáil, tithe a cheannach nó tithe

lándhéanta a fháil ag braith ar an méid airgid a bhíonn ar fáil faoin CITS. Críochnaíodh 33 teach

in 2011. Bhí sé ar intinn freisin aonaid tithíochta a sholáthar trí thionscnamh nua léasaithe

fadtéarmach a bhunaigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, RCORÁ,

i 2009, i gcomhpháirtíocht leis an earnáil phríobháideach agus trí chomhaontú díreach leis

na húinéirí. Braithfidh an líon a bhíonn ar léas ar oiriúnacht na réadmhaoine a bhíonn ar faíl

agus ar an éileamh ar thithíocht sna limistéir sin ina bhfuil réadmhaoin á thairiscint. Déanadh

leithdháileadh ar 102 teach i 2011: 35 nua; 2 ar Léas Fadtréimhseach; 65 corfholúntas.

R

44 Comhairle Contae Ros Comáin