Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Seirbhísí Corparáideacha agus Éigeandála

Cosaint Shibhialta

Ráiteas Misin

Cur chun cinn, forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar Chosaint

Shibhialta mar eagraíocht éifeachtach gairmiúil ar bonn deonach

a sholáthraíonn práinnfhreagairt agus seirbhísí tacaíochta pobail.

Cosaint Shibhialta Ros Comáin

Tá freagracht ar Chomhairle Contae Ros Comáin as an seirbhís Cosanta Sibhialta sa chontae.

Oibríonn na hoibrithe deonacha seo faoi threoir an Oifigigh Cosanta Sibhialta. Tá Cosaint

Shibhialta Ros Comáin feistithe le cabhlach feithiclí, ar a n-áirítear jeepanna 4x4, báid

inséidte dolúbtha, cadhcanna, otharcharranna, inneall dóiteáin, iompróirí phearsanra agus

aonad soghluaiste lónadóireachta.

Is féidir le daoine 16 bliana agus os a chionn a bheith ina n-oibrithe deonacha ach teagmhaíl

a dhéanamh le Ray Dunne, Oifigeach Cosanta Sibhialta ag 090 6637100 nó eolas a lorg trí

shuíomh gréasáin Cosaint Shibhialta, www.civildefence.ie

Soláthar Seirbhíse

Soláthar Garchabhrach agus seibhís otharchairr gharchabhrach; Cuardach agus Tarrtháil

– tarrtháil uirbeach, cuardach faoin tuath do dhoine a bhíonn in easnamh agus cuardach

agus tarrtháil uiscebhunaithe; Seirbhís Cúnta Dóiteáin – cabhrú leis an seirbhís coimeádta

comhraicthe dóiteáin má iarrtar é; Bardach – Logáil, monatóirecht agus tuairisciú ar

ghníomhaíochtaí radaíochta; Leas – soláthar ar bhéilí, deochanna teo agus tacaíocht

síceolaíoch. Cabhair agus cúram a sholáthar do dhoaine gan dídean nó as a n-áitreabh;

Cumarsáid - córas raidió UHF/VHF nó Bhanda Muirí; Cúnamh le linn drochaimsire. Chuir

an Garda Síochána glaoch ar Chosaint Shibhialta Ros Comáin i rith 2011 le cabhrú leo sa

chuardach do dhaoine a bhí in easnamh ó áiteanna éagsúla ar fud an chontae.

Oiliúint agus Forbairt

Táthar ag leanúint le ranganna oiliúna in aghaidh na seachtaine d’Oibrithe Deonacha.

D’eagraigh Cosaint Shibhialta Ros Comáin Cleachtadh Réigiúnach ar an 15ú Deireadh Fómhair

2011, mar a bhfuair na contae a bhí rannpháirteach is iad sin Gaillimh, Maigh Eo, Sligeach agus

Liatroim cleachtadh i ndisciplíní éagsúla ar a n-áirítear Timpistí, Tarrtháil, Cumarsáid, AFS

agus Druileáil de Chois. Bhí foireann Ros Comáin rannpháirteach i gCleachtadh Réigiúnach

sa Chabhán agus an lá ina dhiaidh sin bronnadh an chéad áit orthu sa rannóg timpiste.

Tá Cosaint Shibhialta Ros Comáin gníomhach i mbun fhorbairt nua laistigh den Chosaint

Shibhialta ar a n-áirítear iad seo a leanas: Clár d’Oibrithe Deonacha; Seiceáil an Gharda

Síochána; polasaithe maidir le Cosaint Leanaí; Polasaí maidir le Vacsaíniú; Feasacht Uisce;

Tarrtháil Teicniúil; Liachleachtóir Éigeandála; Oiliúint Feasachta do Thiománaithe; Láimhshú;

Aistriú Daoine.

Comhairle Contae Ros Comáin 31