Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Leabharlanna, na hEalaíona, Cultúr agus Oidhreacht

Orla Whelan, seeing in black, 2010, olaphictiúr

ar chanbhás, ceann de na taispeántais a

cuireadh ar siúl sa Ghailearaí i rith 2011.

Ar na healaíontóirí eile a raibh a saothar ar

taispeáint i Lárionad Ealaíon Ros Comáin

bhí Peter Burns, Louis le Brocquy, Gabhann

Dunne, Anne Hendrick, James Merrigan,

Mary Noonan, Magnhild Opdol, Bennie Reilly

agus taispeántais samhraidh ag ealaíontóirí

áitiúla atá bunaithe i Ros Comáin.

Ionad Léirithe Douglas Hyde

Tá ionad adhlactha an Dr Douglas Hyde, chéad Uachtarán na hÉireann, fós ina dhíol suntais

oidhreachta i gcontae Ros Comáin agus mealann sé cuairteoirí ar a n-áirítear cuairteoirí

ó thar lear i rith na bliana ar fad. Thug Comhairle Contae Ros Comáin faoin a thuilleadh

oibreacha ag Ionad Léirithe Douglas Hyde sa Phortach Ard i rith 2011. Déanadh athsholáthar

ar chrainn agus cuireadh crainn bhreise a raibh suntas Ceilteach ag baint leo. Cuireadh fál

sceach timpeall ar reilig Douglas Hyde agus cuireadh troscán ghairdín sa láthair phicnicí.

Teach King

Lean King House ag cur fáilte roimh na céadta turasóirí i 2011. Arís rinne an Teach óstáil ar

imeachtaí éagsúla ar a n-áirítear Féile Ealaíona Mhainistir na Búille, a bhfuil cáil idirnáisiúnta

uirthi, comóradh na Connaught Rangers agus Aonach Ceardaíochta an Gheimhridh a

bhfuil an-tóir air. Ba chúlra iontach é Teach King freisin do mhórán imeachtaí poiblí agus

príobháideacha, do shearmanais shibhialta agus do thaghlaigh ag teacht le chéile, do

sheimineáir agus comhdhálacha i rith na bliana.

An tOifigeach Forbartha Gaeilge

Soláthraíonn Oifig na Gaeilge tacaíocht do ghníomhaíochtaí Gaeilge ar fud an Chontae agus

cuireann sí úsáid na Gaeilge laistigh den Chomhairle Contae chun cinn.Tá feabhas á chur go

rialta ag Comhairle Contae Ros Comáin ar an fáil atá ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Tugann Oifig na Gaeilge tacaíocht d’imeachtaí i nGaeilge ar fud an chontae agus don

Chomhairle Contae. Tá Comhairle Contae Roscomáin go rialta ag feabhsú na seirbhísí atá ar

fáil trí Ghaeilge.

Oifig Oidhreachta

Thug an Oifig Oidhreachta faoi roinnt gníomhíochtaí mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae

Ros Comáin i 2011 ar a raibh tionscadail phobail ag an gComhairle Oidhreachta do Chlub

Staire Beo Ráth Cruachan, Féile Meánaoiseach Lár an tSamhraidh Thuilsce agus Bainistíocht

Ghnáthóige Pháirc an Mhóta, Póstaeir nua Oidhreachta, Tionscadal Oidhreachta na Scoileanna,

Tionscadal Béaloidis agus Seanchais agus os cionn 50 imeacht don tSeachtain Oidhreachta

Náisiúnta.

58 Comhairle Contae Ros Comáin