Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Teicneolaíocht Faisnéise

Tá an Rannóg Teicneolaíochta Faisnéise ag Comhairle Contae Ros Comáin

bunaithe i gCeanncheathrú na Comhairle, Teach na Cúirte, Ros Comáin

Tá Ceann na gCóras Faisnéise i mbun an struchtúir soláthair foirne agus

áirítear ann triúr Ceannaire Tionscadail, triúr Forbróir Chórais, agus beirt

Oifigeach Cléireachais.

Soláthraíonn an Rannóg TF tacaíocht theicniúil do gach rannóg eile sa Chomhairle, á chinntiú

go mbíonn an trealamh agus an t-eolas riachtanach ar fáil le seirbhís éifeachtach poiblí a

sholáthar. Tá sé freagrach as forfheidhmiú, bainistiú, slándáil agus cothabháil gach córas

TF. Áirítear anseo soláthar tacaíochta teicniúla bogearraí agus crua-earraí do os coinn 200

úsáideoir, dearadh bunachair sonraí, dearadh gréasáin, seirbhísí agus tacaíocht GIS, chomh

maith le cothabháil agus cúltaca de chórais seachtracha mar Chlár na dToghthóirí.

Líonra Achair Fhairsing

Áirítear freisin sa bhfreagracht a bhaineann lenár líonra a bhainistiú go ndéantar cothabháil

ar líonra achair fhairsing, a nascann gach oifig lasmuigh de láthair ag úsáid línte DSL agus

teicneolaíocht gan srang. Tá na hoifigí Ceantair agus na Leabharlanna go léir i mBealach an

Doirín, Mainistir na Búille, An Caisleán Riabhach agus Béal na mBuillí nasctha ag úsáid naisc

DSL MPLS 8/1 mbits/s a sholáthraíonn Interfusion. Tá oifig ceantair Bhaile Átha Luain nasctha

leis an gceanncheathrú ag úsáid naisc DSL MPLS 4/1 mbits/s a sholáthraíonn Interfusion

freisin . Tá an Rannóg Pleanála agus Oifigí an ÚBN ar Bhóthar an Ráschúrsa nasctha ag

úsáid nasc gan srang atá á soláthar ag Brisknet. Nascann Roinn na Seirbhísí Uisce, An

Rannóg Mótarchánach agus Oifig Ceantair Ros Comáin lenár nGréasán ag úsáid Naisc Chábla

Snáthoptaice.

Úsáideann Comhairle Contae Ros Comáin Líonra Achar Chathrach Ros Comáin le nasic

100mb a sholáthar do na láithreacha seo a leanas ón ár gceanncheathrú: Ceanncheathrú

na Leabharlainne Contae, Tithíocht, Comhshaol, Pobal agus Fiontraíocht, Oifig Ceantair Ros

Comáin, an Oifig Ealaíon agus an Stáisiún Dóiteáin.Is trí nasc 10MB ó Eircom a dhéantar nasc

le Líonra Príobháideach VPN an Rialtais. Chun críche iomarcaíochta, déanadh suiteáil ar nasc

eile 10MB, agus soláthraíonn Strencom é seo. Tá gléas scagtha ghlaonna Quintium suiteáilte

ar an líne seo, a dhéanann atreorú ar gach glaoch amach ó fhón póca chuig idirnasc Vodafone

ar VPN an Rialtais do ghlaonna níos saoire. Tá pleananna ann uasghrádú a dhéanamh ar ár

mbun-nasc le Líonraí an Rialtais I 2012.

52 Comhairle Contae Ros Comáin