Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Leabharlanna, na hEalaíona,

Cultúr agus Oidhreacht

Seirbhísí Leabharlainne

Déanann Seirbhísí Leabharlainne Chomhairle Contae Ros Comáin soláthar

do riachtanais chultúrtha, oideachais, áineasa, faisnéise agus foghlama

dhaoine de gach aois ar fud an chontae agus déantar gach iarracht ar

sheirbhís chuimsitheach, ardchaighdeáin, nua-aimseartha agus inrochtana

a sholáthar do dhaoine de gach aois sa Chontae.

Is straitéis tábhachtach tacaíochta í an tSeirbhís Leabharlainne maidir le forbairt gheilleagrach,

chultúrtha agus sóisialta an chontae agus i 2011 déanadh ailíniú uirthi mar Leabharlanna, na

hEalaíona, Cultúr agus Oidhreacht faoi athruithe stiúrthóireachta.

Soláthar Seirbhíse

Feidhmíonn an tseirbhís trí sé bhrainse bhonneagrach ag láithreacha i Ros Comáin, An

Caisleán Riabhach, Bealach an Doirín, Mainistir na Búille, Ain Finn agus Béal na mBuillí

agus an tSeirbhís Leabharlainne Taistil. Leanann an tSeirbhís Leabharlainne le háiseanna

substaintiúla Cartlainne agus tagartha agus taighde do Staidéar Áitiúil a sholáthar agus a

fhorbairt ag an Leabharlann Contae. Bhí na leabharlanna lánaimseartha oscailte ar feadh

31.3 uair an chloig in aghaidh na seachtaine mar mheán agus bhí na brainsí páirtaimseartha

oscailte ar feadh 21.93 uair an chloig in aghaidh na seachtaine.

I rith 2011, rinne an tSeirbhís Leabharlainne ullmhú, taighde, comhairliúcháin, cur i láthair

agus oiriúnú ar Phlean Forbartha Leabharlainne 2011 – 2014 do thréimhse nua. Ceapadh gach

straitéis, cuspóir agus gníomhaíocht agus iad dírithe le níos mó deiseanna agus solúbthachta

a éascú agus a sholáthar do rannpháirtíocht an phobail sa tseirbhís i gcomhshaol atá ag athrú.

Tionscadal Athchóirithe Leabharlainne Chontae

Ros Comáin

I 2011 mar chuid de Chlár Caipitil na Leabharlann rinne Seirbhís Leabharlainne Chontae Ros

Comáin athchóiriú ar Fhoirgneamh Leabharlann an Chontae, Sráid na Mainistreach, Ros

Comáin. Chosnaigh an tionscadal os coinn €400,000 le tacaíocht deontais €260,000 ón

Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus maoiniú de €175,000 ó Chomhairle

Contae Ros Comáin.

Forbairt Bhailiúcháin

Lean an tSeirbhís Leabharlainne ag sásamh iarratas na n-úsáideoirí, i rith 2011, maidir le

hábhar stoic ar réimse fairsing ábhar do gach pointe seirbhíse. Tacaíonn an córas náisiúnta

leabhar ar iasacht le bailiúcháin agus dáileadh stoic. Sholáthair an Roinn deontas eile de

€32,514 le tacú le ciste na leabhar.

54 Comhairle Contae Ros Comáin