Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Pobal agus Fiontraíocht

Comórtas Mórtais Ceantair

I 2011 d’ainmnigh Comhairle Contae Ros Comáin Líonra

Turasóireachta Pobail Ros Comáin don chomórtas

náisiúnta Mórtais Ceantair. Tá bainistiú á dhéanamh ag

Comhoibriú Éireann ar Mhórtas Ceantair i gcomhar leis

na hÚdaráis Áitiúla agus tá sé dírithe ar aitheantas a

thabhairt do thionscnaimh pobail a dhéanann difríocht

ag leibhéal áitiúil. Rinne Líonra Turasóireachta Pobail

Ros Comáin láithriú cuimsitheach do mholtóirí Mótais

Ceantair agus áiríodh ann turais ar Fhoraois agus

Páirc Ghníomhaíochta Loch Cé, Mianaigh Airgne, King

House agus Caisleán Chill Rónáin.

Bailte Slachtmhara agus Ciste na nDeontas do

Chonláistí 2011

Toisc go raibh laghdú suntasach ar mhéid iomlán an chistiúcháin a bhí ar fáil faoin scéim

seo i 2011, déanadh athcheartú ar Scéim an Chiste Pobail agus Conláistí. Tugann an scéim

athcheartaithe tosaíocht d’obair Chumainn na mBailte Slachtmhara agus na gCumann

Forbartha Áitiúil agus iad ag dul i mbun tionscadal chonláistí ar chaipitil ar scála beag chun

leasa a gceantar áitiúil. Déanadh leithdháileadh ar mhaoiniú ar 44 tionscadal i rith 2011. Ba é

€35,000 an ciste iomlán a bhí ar fáil i 2011.

Mórtas Ceantair 2011

Oifigeach Forbartha FAI

Rinne Comhairle Contae Ros Comáin ranníocaíocht

maidir le tuarastal Oifigh Fhorbartha an FAI atá

fostaithe ag an FAI leis na príomhchuspóirí seo a

leanas a bhaint amach:

gg

gg

gg

Cuimsiú Sóisialta a chur chun cinn trí Pheil,

go háirithe i gceantair geografacha atá faoi

mhíbhuntáiste.

Forbairt ghníomhach peile a sholáthar do

sprioc-phobail.

A chinntiú go soláthraítear cláir chomhtháite

forbartha peile ar fud an phobail.

Comhchoiste Póilíneachta

Tionóladh cúig chruinniú do Chomhchoiste Póilíneachta Chontae Ros Comáin (CCP) i rith 2011.

Tionóladh cruinniú poiblí amháin den CCP leis an téama Pobal ar Aire, san Abbey Hotel, baile

Ros Comáin ar an 14ú Meán Fómhair 2011. Ba é John Lonergan, údar agus Iarghobharnóir

Phríosún Mhuinseo, an t-aoichainteoir agus thug sé óráid radréimseach, an-spéisiúil agus

faisnéiseach do chruinniú a raibh freastal maith air. Chuir an CCP roinnt gníomhaíochtaí i

bhfeidhm i rith 2011 ar a raibh comhchruinniú a thionól le Coiste Sábháilteachta ar Bhóithre

Chontae Ros Comáin; athbhreithniú a dhéanamh ar na grúpaí pobal-ar-aire ar fud an chontae

d’fhonn a saothar a neartú agus tacú leo; athbhreithniú ar choireacht agus ar staitisticí

brathadóireachta don chontae.

26 Comhairle Contae Ros Comáin