Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Tithíocht agus Tógáil

Leagann an straitéis seo céimeanna amach le dea-bhainistíocht eastáit a chur chun cinn.

Iasachtaí Tithíochta

Is féidir iarratasóirí nach raibh úinéireacht teaghaise acu roimhe seo a chur sa mheá

d’iasachtaí atógála le mionathraithe nó cur le tithe atá ann cheana féin. Caithfidh iarratasóirí

critéir áirithe ioncaim a shásamh agus leagann Rialacháin na dTithe (Iasachtaí Údaráis

Tithíochta) 2009 amach riachtanais agus próisis nua d’fhaomhadh údaráis áitiúil ar iasachtaí.

Is é an t-uasmhéid iasachta chun teach a cheannach a fhéadfaí a réamhíoc ná €220,000

ag brath ar acmhainn an iarratasóra é a aisíoc agus is iad €15,000 (neamhurraithe) agus

€38,000 (urraithe) an t-uasmhéid iasachta um fheabhsúchán tí.

Úinéireacht Roinnte

Éascaíonn an scéim seo rochtain ar úinéireacht iomlán tí in dhá chéim nó níos mó agus

ceapadh go príomha é do cheannaitheoirí céaduaire a shásaíonn critéir áirithe ioncaim.

Caithfidh iarratasóirí cuí íosmhéid de 40% de chothromas an tí a fháil ar dtús agus cothromas

na Comhairle a thógáil ar cíos le gealltanas go gceannófar cothromas na Comhairle laistigh

de 25 bliain. Tugadh 21 iasacht faoin scéim seo.

Scéim Tithíochta Inacmhainne

Díolachán Suíomhanna Príobháideacha

D’fhógair an tAire Sóisearach do Thithícht go scarfaí leis na cláir Tithíochta Inacmhainne i

Meitheamh 2011 agus rinne coimisiúnú ar athbhreithniú cuimsitheach ar Chuid V den Acht

um Pleanáil agus Forbairt 2000.

Oibreacha Feabhsúcháin in áit

Tithíochta Údaráis Áitiúil

Is féidir le hiarratasóirí atá faofa d’athchóiríocht athchóiriú nó síneadh tí a dhéanamh ar an

gcóiríocht atá acu cheana féin mar rogha ar ghlacadh le teach údaráis áitiúil fad is go meastar

go bhfuil an teaghais atá acu oiriúnach le haghaidh feabhsúcháin. Déantar maoiniú ar an

scéim seo ó Fháltais Chaipitil Inmheánach na Comhairle.

Scéim Liúntais Mhorgáiste

Is féidir le tionóntaí nó ceannaitheoirí tionónta teaghaisí Údaráis Áitiúil a ghéilleann a

gcóiríocht reatha agus a cheannaíonn réadmhaoin sa mhargadh príobháideach le morgáiste

d’íosmhéid €38,092 cáiliú faoin scéim. Cuirtear an liúntas €11,428 i gcoinne aisíocaíochtaí

morgáiste ar scála aistritheach thar thréimhse 5 bliana.

Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí

Tá tionóntaí de thithe neamhdhílsithe Comhairle, a ceapadh ar feadh 12 mí ar a laghad, i

dteideal iarratas a chur chuig an gComhairle ar a gcóiríocht reatha a cheannach. Socraíonn

an Chomhairle luach margaidh na réadmhaoine. Tá na tionóntaí i dteideal lascaine de 3% ar

luach margaidh na réadmhaoine do gach bliain tionóntachta, faoi réir uasmhéid 10 mbliana,

chomh maith le liúntas de €3,810 do cheannaitheoirí céaduaire. Tá díolúintí i gceist.

Comhairle Contae Ros Comáin 47