Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Iompar agus Sábháilteacht ar

Bhóithre

Is é cuspóir corparáideach Chomhairle Contae Ros Comáin faoi mar atá leagtha amach sa

Phlean Corparáideach 2009-2014 ná “A chinntiú go ndéantar líonra imleor iompair a fhorbairt”.

Leanadh le cur i bhfeidhm an chuspóra seo i 2011 le tuilleadh infheistíochta sa gréasán bóithre.

Cistiú do Bhóithre

Tá miondealú ar leithdháileadh na ndeontas a fuarthas do bhóithre do 2011 leagtha amach i dTábla 1 thíos:

Tábla 1: Leithdháileadh Deontais do Bhóithre 2011

Bóithre Náisiúnta €11,212,616

Bóithre Neamh-Náisiúnta €14,915,820

Iomlán na nDeontas €26,128,436

Ina theannta sin, soláthraíodh firiúr de €1,798,950 ó bhuiséad ioncaim na Comhairle do chothabháil bhóithre áitiúla

agus €519,053 ó acmhainní caipitil do thionscadail fheabhsúcháin ar bhóithre nach mbíonn á gcistiú le deontais.

Aicmiú Bóithre

Tá aicmiú mar seo a leanas déanta ar an ngréasán bóithre poiblí don chontae (Tábla 2):

Tábla 2: Gréasán Bóithre Poiblí Chontae Ros Comáin

Cineál Cur Síos Fad

Mótarbhealach M6 20Km (12.5 míle)

Príomhbhealaí Náisiúnta N4, N5 & N6 85 Km (53 míle)

Bóithre Náisiúnta den Dara Grád N60, N61, N63 & N83 147 Km (92 míle)

Bealaí Réigiúnacha (Neamhnáisiúnta) R-uimhreacha éagsúla 373 Km (234 míle)

Bóithre Áitúla (Neamhnáisiúnta) L-uimhreacha éagsúla 3362km (2101 míle)

N5 Seachbhealach Bhealach an Doirín

Sínfidh Seachbhealach N5 Bhealach an Doirín timpeall 13.6 ciliméadar ó theorainn Contae Mhuigh Eo, siar ó

Bhealach an Doirín chuig Baile Fearainn Ráth Chiara, soir ó Bhealach an Doirín. Tá Oifig Ros Comáin um Dhearadh

Bóithre Náisiúnta freagrach as bainistiú na scéime i gcomhar leis an Údarás um Bóithre Náisiúnta. Leanadh leis

an bpróiseas ceannaithe talún i rith 2011. Áiríodh ar shraith de réamhchonarthaí d’oibreacha mór-athchúrsaí

áirgiúlachta agus tástáil seandálaíochta agus conarthaí réitigh a déanadh i rith na bliana. Cuireann na conarthaí

seo deireadh le rioscaí intuartha do mhórchonarthaí tógála. Tosaíodh ar sholáthar an phríomhchonartha tógála

go déanach i 2011 agus táthar ag súil leis go dtabharfar amach Conradh na nOibreacha go déanach i 2012.

Comhairle Contae Ros Comáin 59