Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Dreasachtaí agus Rialú Forbartha

1. Bainistíocht Forbartha

Struchtúr Cosanta Teach

Pháirc Bhéal na mBuillí

Iarratais Phleanála

Bhí titim ar líon na n-iarratas pleanála a fuarthas i 2011. Tugtar achoimre i dTábla 1 thíos ar líon

agus torthaí na n-iarratas pleanála i 2011 agus sna cúig bliana roimhe sin. Táthar ag scanadh

gach iarratas a fuarthas agus tá na doiciméid seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle

www.roscommoncoco.ie. Táthar ag leanúint le scanadh na gcomhad is sine ná iad freisin. Ina

theannta sin, tá an Córas Faisnéise Geografaí, gPlan ar fáil ar shuíomh gréasáin na Comhairle. Is

uirlis fiosrúcháin mapabhunaithe ar líne atá i gPlan. Ceadaíonn sé don úsáideoir fisorú, aimsiú

agus ceistiú a dhéanamh ar iarratais phleanála trí mhapa idirghníomhach, ag cur ar chumas

an úsáideora léirmhíniú a fháil ar ghné spásúlachta aon iarratais. Tá sonraí siar chomh fada le

2000 ar fáil faoi láthair. Tá tuilleadh faisnéise stairiúil á cur leis ar bhonn leanúnach.

Tábla 1. Iarratais Phleanála Chomhairle Contae Ros Comáin 2006-2011

2006 2007 2008 2009 2010 2011

Iarratais a Fuarthas 2,581 2,287 1,492 748 710* 583*

Cinntí ar Dheonú 1,450 1,751 1,072 592 491** 447**

Cinntí ar Dhiúltú 259 252 137 66 90*** 72***

Ráta Diúltaithe 15.15% 12.5% 11.3% 10% 15.5% 13.8%

Líon na nAchomharc 69 83 70 55 43 22

Achomhairc ar sheas An Bord Pleanála leo 49 33 47 27 23 23

*108 iarratas a fuarthas ar Fhadú ar Ré. **101 Fadú ar Aga deonaithe. ***6 Fadú ar Aga Diúltaithe.

Oifig Chaomhantais

Tugadh cuireadh d’iarratais faoi Chiste na Struchtúr i mBaol i rith 2011. Ba í aidhm an Chiste

ná cabhrú le hoibreacha le cosaint a dhéanamh ar struchtúir atá cosanta faoi na hAchtanna

um Pleanáil agus Forbairt 2000 – 2010 agus i gcásanna áirithe, oibreacha le cosaint a

dhéanamh ar struchtúir laistigh de Limistéir Chaomhantais Ailtireachta. Níor fhéach an Roinn

ach ar mhaoiniú a thabhairt do struchtúir a bhí i gcontúirt dearóilithe suntasach láithreach.

Fuarthas iarratais ó 3 iarratasóir agus cuireadh faoi bhráid an Roinn Comhshaoil, Pobail agus

Rialtais Áitiúl, RCPRÁ iad. Tugadh deontas d’iarratasóir amháin le luach iomlán de €20,000.

Ar na hoibreacha a críochnaíodh bhí deisiúcháin dín, deisiúchán coirbéil, mullaí luaidhe agus

earraí uisce báistí.

Comhairle Contae Ros Comáin 33