15.06.2014 Views

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Leabharlanna, na hEalaíona, Cultúr agus Oidhreacht

Cur chun Cinn agus Poiblíocht

Leanadh le clár cuimsitheach imeachtaí a sholáthar sna Seirbhísí Leabharlainne i rith 2011. Ar

na himeachtaí seo áirítear réimse gníomhaíochtaí agus promóisin eagraithe go hinmheánach;

comhoibriú idir-rannach údaráis áitiúil agus promóisin ghníomhaireachta seachtrach. Ar

chuid de na buaicphointí áirítear seoladh Lá Domhanda na Leabhar, Féile Drámaíochta Ros

Comáin, Féile Siarscéil, Saol Ros Comáin, Seimineár Ginealais, Toscaireacht Francach/cuairt

ó Nueil Sur Layon, Scoil Samhraidh Percy French, Gníomhaíochtaí Samhraidh do Leanaí agus

scannánaíocht Nationwide le linn na Seachtaine Oidhreachta.

Oifig Ealaíon

Leanann an tOifigeach Ealaíon le ról lárnach a bheith aige sa

chontae trí fhorfheidhmiú a dhéanamh ar na cláir éagsúla

agus trí chúnamh leanúnach a thabhairt d’eagraíochtaí

éagsúla ealaíne agus do tuionscnaimh eile pobaltreoraithe.

Bhí rath ar roinnt chlár suntasach i rith 2011. Orthu seo bhí TRADE,

comhpháirtíocht idirnáisiúnta forbartha amharcealaíona le Comhairle

Contae Liatroma; an Clár Cónaitheachta Ealaíontóra Art@work cónaithe

agus tuilleadh forbartha ar Amharclannaíocht Óige Chontae Ros Comáin

agus Ceolfhoireann Óige Chontae Ros Comáin.

I rannpháirtíocht Ros Comáin san Oíche Chultúir

bhí ceol agus rince traidisiúnta ar siúl in Ionad

Douglas Hyde sa Phortach Ard, Dún Gar.

Pléaráca i bPort na Carraige an teideal a bhí ar

léacht a bhí ar siúl i King House, Mainistir na

Búille. Bhí ceol agus scéalaíocht ar siúl in Ionad

Ealaíon Ros Comáin, le hoíche Knit n Wine i JJ

Harlow’s le drumáil Bhrasaílech ina dhiaidh

sin. Bhí seisiúin thraidisiúnta i gCéideadh agus

mórán imeachtaí eile.

Bhí Comhdháil Douglas Hyde 2011 ar siúl i

Seomra Comhdhála Cruinnithe Réigiúnach

an BMW, Bealach an Doirín ar feadh lae.

Chríochnaigh seo an tríú bliain den chiorcal

Cultúr agus an Geilleagar a bhaineann leis an

gcomhdháil bliantúil.

Críochnaídh Tionscadal Ealaíne Poiblí an Chaisleáin Riabhaigh i 2011. Tá an foilseachán dár

teideal Meanwhile ina fhreagra ar agus ina mhachnamh ar am i stair shóisialta na hÉireann

- ceann a bhaineann ach go háirithe le baile an Chaisleáin Riabhaigh agus a léiríonn dinimic

níos leithne geilleagrach, sóisialta agus cultúrtha. Leanadh le Sparántacht na nEalaíontóirí

agus le Sparántacht Tyrone Guthrie i 2011 le líon mór ealaíontóirí ag fáil sparántachtaí faoin

dá chlár.

Bad Faith, leis an

aisteoir Ben Mulhern

ar as Ros Comáin ó

dhúchas é. Scríofa

ag O.J. Ryan. Curtha

ar siúl ag Lárionad

Ealaíon Ros Comáin,

Feabhra 2011

56 Comhairle Contae Ros Comáin

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!