15.06.2014 Views

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council

SHOW MORE
SHOW LESS

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

Leabharlanna, na hEalaíona, Cultúr agus Oidhreacht

Lárionad Ealaíon Ros Comáin

Bhí clár uaillmhianach ar siúl i Lárionad Ealaíon Ros Comáin agus in ainneoin cúrsaí

eacnamaíochta na linne, cuireadh os coinn 140 imeacht ar siúl sa halla éisteachta, sa

cheardlann agus sa ghailearaí agus bhain lucht féachana amach de 60% mar mheán ag

imeachtaí le ticéid.

Ba é 2011 comóradh 10 mbliana an Lárionaid Ealaíon agus leis seo a cheiliúradh, d’fháiltigh an

tIonad Ealaíon roimh Chompántas Amharclannaíochta Druid agus Amharclann na Mainistreach

a bhfuil cáil domhanda orthu, chuig Ros Comáin dá gcéad léiriú. I nDeireadh Fómhair,

cuireadh an chéad Chompántas Amharclannaíochta Cónaithe ar an stáitse – Compántas

Amharclannaíochta Monkeyshine, a d’oibrigh le daltaí ó Bhunscoil Charrigín Rua ar léiriú phíos

nua amharclannaíochta dár teideal Losh, roimh dhul ar chamchuairt chuig ionaid eile ar fud

na tíre.

D’oibrigh an Lárionad Ealaíon leis an gcompántas cáiliúil rince aeir Fidget Feet agus le daltaí

ó Choláiste na Toirbhearta ar thionscadal rince comhoibríoch dár teideal Hang On.

Rinne an Lárionad Ealaíon comhléiriú ar a chúigiú léiriú gairmiúil amharclannaíochta The

Seafarer le comhghleacaithe i Nomad Theatre Network agus don cheathrú bliain, tá an

léiriúchán ainmnithe do Dhuais Amharclannaíchta an Irish Times. Rinne Féile Drámaíochta

Ros Comáin deimhin de arís gur tugadh aitheantas do Lárionad Ealaíon Ros Comáin mar

ionad barr feabhais maidir le léiriú drámaíochta amaitéarach i 2011 agus leanann siad le Ros

Comáin a chur chun cinn mar bhaile beoga do chompántais amaitéaracha drámaíohta ar an

stáitse náisiúnta, le os cionn 1,500 duine ag freastal ar an bhféile i mbliana.

Swimming with My Mother, CoisCéim

Dance Theatre, leis an rinceoir David

Bolger agus a mháthair Madge. Curtha

ar siúl i Lárionad Ealaíon Ros Comáin,

Bealtaine 2011 mar chuid d’Fhéile

na Bealtaine 2011, ag ceiliúradh

cruthaitheachta in aois níos sine.

Comhairle Contae Ros Comáin 57

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!