Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
Cosaint an Chomhshaoil

An Chreat-treoir Uisce

Glacadh leis an gCreat-treoir Uisce i nDlí na hÉireann le Rialacháin an AE (Polasaí Uisce) 2003 agus is faoi na rialacháin

seo a bunaíodh na Ceantair Abhantraí (CAnna). Tá Ros Comáin áirithe i CA an Iarthair agus CA an Sionainne. Tá

forbairt déanta ar chláir mhonatóireachta le stádas na ndobharlach a aithint agus le ceadú dúinn tomhas a dhéanamh

ar fheabhsú sa todhchaí mar thoradh ar ghníomhaíochtaí bainistíochta. Ullmhaíodh Pleananna Bainistíochta agus na

Cláir Chéimeanna a bhaineann leo don tréimhse 2011-2015 agus bhí feidhm leo ón 15ú Iúil 2010 ag leagadh amach na

gcéimeanna a ghlacfadh gach páirtí leasmhar agus na huirlisí le tosaíocht a thabhairt d’fheidhmiú na n-acmhainní atá

ar fáil ar na céimeanna seo, d’fhonn aidhmeanna na treorach a bhaint amach. Is iad na ceithre chroíchuspóir atá le

baint amach sa chéad timthriall pleanála agus sna timthriallta ina dhiaidh sin go dtí 2027 ná:

1. Cosc a chur le meathlúchán

2. Dea-stádas a thabhairt ar ais

3. Truailliú ó cheimiceáin a laghdú

4. Cuspóirí maidir le ceantair chosanta a bhaint amach

Bainistiú Dramhaíola agus Forfheidhmiú

Déanadh leithdháileadh ar dheontas €136,373 chuig Comhairle Contae Ros Comáin ón gCiste Comhshaoil le tacú

le tionscnaimh tiomnaithe agus intomhaiste forfheidhmithe. Leanann an tAonad Forfheidhmithe ag feidhmiú

agus mar thoradh ar sin tá méadú suntasach ar fhorfheidhmiú na nAchtanna um Bainistiú Dramhaíola agus um

Thruailliú Uisce.

Bainistiú ar Líonadh Talún

Críochnaídh caidhpeáil ar Chill 8 i 2011. Sin deireadh leis an gcéim gníomhach den líonadh talún. Tosaítear anois

ar iarchúram na saoráide.

Ionaid Athchúrsála

Leanann Comhairle Contae Ros Comáin le feidhmiú na gceithre Ionad Athchúrsála ag Mainistir na Búile, Ros Comáin,

Bealach an Doirín agus An Caisleán Riabhach. Tá daichead banc buidéal suite anois ar fud an chontae. I Samhain

2011, bronnadh conradh maidir le soláthar agus seirbhísiú bhanc teicstíle ag 22 láthair ar fud chontae Ros Comáin.

Na Fodhlíthe um Stóráil agus Láithreachas Dramhaíola

Leagann na Fodhlíthe um Stóráil agus Láithreachas Dramhaíola amach na riachtanais do cheartbhainistíocht

bhailiúchán dramhaíola agus le cinntiú nach gcruthaíonn feidhmiú na seirbhísí bailiúcháin dramhaíola i gcontae

Ros Comáin truailliú comhshaoil. Cigireacht ag Maoir Bhruscair ar theaghlaigh lena chinntiú go leantar leis na

Fodhlíthe seo a chomhlíonadh ar bhonn leanúnach.

Feasacht Chomhshaoil

Soláthraíonn Comhairle Contae Ros Comáin seirbhísí éagsúla glaschumasúcháin agus táimid an-chomfhiosach

maidir le cur chun cinn agus spreagadh a thabhairt do dhearcadh agus uailmhian ghlas maidir le dearcadh agus

cleachtas indibhidiúil, ghnólachtaí agus scoileanna in ár réimse feidhme.

Scoileanna Glasa

Leanadh le Clár na Scoileanna Glas i 2011. Tá beagnach 90% de mheánscoileanna an chontae agus Club Óige

amháin agus Grúpa amháin Ógtheagmhála cláraithe ar Chlár na Scoileanna Glas. Tá 90% de na Bunscoileanna sa

chontae cláraithe freisin. Tá 75 bratach uaine bronnta sa chontae. 4 mheánscoil; 70 bunscoil; 1 creis. Soláthraíonn

Comhairle Contae Ros Comáin roinnt seirbhísí tacaíochta do scoileanna atá rannpháirteach i gClár na Scoileanna

Glasa ar a n-áirítear cuairteanna ar scoileanna, ceardlanna agus seimineáir.

38 Comhairle Contae Ros Comáin