Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Ráiteas an

Bhainisteora Contae

Frank Dawson,

Bainisteoir Contae

Bliain eile dúshlánach a bhí i 2011 do Chomhairle Contae Ros Comáin, le laghdú ar chistiú

agus laghdú ar an líon foirne. Rinne an Chomhairle mórchoigeartuithe mar fhreagra ar an

laghdú ar na hacmhainní airgeadais a bhí ar fáil. Cé go raibh tionchar ag an laghdú ar líon

na foirne ar chumas na Comhairle seirbhísí a sholáthar, tá íoslaghdú déanta ar an tionchar a

fhéadfadh a bheith ann ag an solúbthacht a léirigh an fhoireann atá fágtha maidir le freastal ar

ár dtosaíochtaí seirbhíse. Leanaimid le seirbhísí agus infrastruchtúr riachtanach a sholáthar

ar fud an chontae do dhaonra 64,065 duine, ar mhéadú 9% é ar 58,768, ó 2006.

Tugtar imlíne sa Tuarascáil seo ar scála agus éagsúlacht ghníomhaíochtaí Chomhairle Contae Ros Comáin i 2011.

gg

Caitheadh €28m ar chlár infheistíochta i mbóithre an chontae i 2011.

gg

gg

Sholáthair an Chomhairle €50,000 i ndeontais do 74 grúpa deonach faoin Scéim Feabhsaithe agus

Cothabhála Reilige i 2011.

Is mórfhostóir í an Chomhairle sa chontae i gcónaí le 544 duine fostaithe aici.

gg

Ba é an caiteachas iomlán faoi scéim na ndeontas Tithíochta do 2011 ná €1,850,000 ag cabhrú le 286

duine le hathchóiriú tithíochta, áiseanna soghluaisteachta agus cúnamh do dhaoine aosta.

gg

Críochnaíodh 33 teach i 2011 faoin gClár Infheistíochta i dTithíocht Shóisialta (SHIP).

gg

Rinne an rannóg TF forfheidhmiú ar r-phost an Mapalterer agus seirbhís fholáirimh láthairbhunaithe SMS

don phobal i gcoitinne.

gg

Déanadh cistiú ar 44 tionscadal Bailte Slachtmhara as ciste iomlán de €35,000.

gg

gg

gg

gg

gg

gg

gg

Mar chuid de Straitéis Turasóireachta Chontae Ros Comáin 2010-2014, déanadh forbairt ar mhuiríne

40-beart ag Loch Cé i gcomhar le hUiscebhealaí Éireann agus Fáilte Éireann. Tá forbairt déanta ar limistéir

chonláistí ag Loch Eiread agus Loch Uí Fhloinn i gcomhpháirtícht le grúpaí áitiúla pobail.

Faoi Chlár Caomhnaithe Uisce Chomhairle Contae Ros Comáin, baineadh laghdú foriomlán de 25% amach

ar an éileamh ar uisce faoi dheireadh 2011.

Leanadh le hinfheistíocht fhairsing chaipitiúil i rith na bliana le hinfrastruchtúr nua agus uasghrádaithe a

thógáil faoin gClár Infheistíochta Uisce.

Mar chuid den Chlár um Chaipiteal Leabharlanna, críochnaíodh athchóiriú ar Fhoirgneamh na

Leabharlainne Contae le cistiú de €400,000.

Chuir Ionad Ealaíon Ros Comáin beagnach 140 imeacht ar siúl sa halla, sa cheardlann agus sa ghailearaí,

le níos mó ná 1,500 duine ag freastal ar Fhéile Drámaíochta Ros Comáin 2011.

D’eagraigh an tOifigeach Oidhreachta roinnt imeachtaí i 2011 mar chuid de na gníomhaíochtaí a raibh

imlíne orthu i bPlean Oidhreachta Chontae Ros Comáin.

Lean an Rannóg Forfheidhmithe Pleanála le himscrúdú a dhéanamh ar fhorbairt neamhúdaraithe i gcontae

Ros Comáin agus a chinntiú go gcomhlíontar coinníollacha an cheada pleanála a tugadh. Faoina gníomh

forfheidhmiúcháin rinne Comhairle Contae Ros Comáin Litreacha Foláirimh a sheirbheáil i 154 cás, Fógraí

Forfheidhmithe a sheirbheáil i 55 cás agus chuir tús le caingean dlí i 5 cás i 2011.

Comhairle Contae Ros Comáin 3