Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Tuarascáil Bhliantúil Annual Report - Roscommon County Council
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
Cosaint an Chomhshaoil

Buaiteoir foriomlán

Comórtas na nEastát

Slachtmhar 2011 –

Bóthar an Stáisiúin,

Mainistir na Búillee

Comórtais Chomhshaoil

Spreagtar rannpháirtíocht an phobail trí thionscnaimh phobail mar Comórtas Mhíle Órga na

bhFál Sceach, Comórtas na nEastát Slachtmhar, Comórtas na nÚirleachas Slachtmhar, Glantachán

Náisiúnta Earraigh, Mórtas Bláthach agus Gnólachtaí Éireannacha in Aghaidh Bhruscair.

Cuireadh tús le comórtas nua in aghaidh an bhruscair i 2011 dírithe ar dhaltaí meánscoile,

mar a mbíonn ar dhaltaí scríobh, léiriú agus aisteoireacht a dhéanamh i ngearrscannán in

aghaidh bhruscair. Dáilfear cóipeanna de gach gearrscannán ar gach scoil sa chontae.

Glac le Scéim Bhainc ‘Fág Anseo’

Tugadh cuireadh do ghrúpaí Bailte Slachtmhara/Grúpaí Pobail a bheith rannpháirteach sa

scéim seo le cabhrú cur in aghaidh na fadhbe a bhaineann le dumpáil neamhdhleathach ag

bainc ‘fág anseo’ ar fud an chontae.Déann na rannpháirtithe monatóireacht ar na bainc ‘fág

anseo’ agus tugann siad tuairisc ar dhumpáil neamhdhleathach. Spreagadh grúpaí freisin le

feabhas a chur ar dhreach na saoráide bainc ‘fág anseo’.

Deontais ón Roinn Comhshaoil

Chuir an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúl dhá dheontas nua ar fáil do

Chomhairle Contae Ros Comáin i 2011.

Úsáideadh deontas €5,000 do Sheachtain Freagrachta Shaoránaigh le feabhas a chur ar

limistéir ardtaitneamhachta ar fud an chontae, agus cuireadh deontas eile €10,000 ar fáil

do Chomhairle Contae Ros Comáin faoin Scéim Deontais in Aghaidh Bruscair i mBiaiste na

Turasóireachta a úsáideadh le limistéir a ghlanadh mar lochanna, cosáin agus slite isteach

sna bailte agus sna sráidbhailte idir Meitheamh agus Lúnasa.

Comhairle Contae Ros Comáin 39