20.12.2012 Views

Level 1 Actions Part B: Level 3 Actions - Donegal County Council

Level 1 Actions Part B: Level 3 Actions - Donegal County Council

Level 1 Actions Part B: Level 3 Actions - Donegal County Council

SHOW MORE
SHOW LESS

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

Thug an tUas. Mac Suibhne le hinse go raibh trí chruinniú de Foirne Ceantair Áitiúil ar

siúl go data agus go raibh freastal mhaith ó na heagrais. Dúirt sé go mbeadh plean níos

sonraíoch faoin tacaíocht atá ag teastáil ó na heagrais a ullmhú don chéad chruinniú eile

den BFC i mí Mheithimh.

BFC 24/09 Cur i láthair ó Fóram Talmhaíochta an BFC

Chuir an Cathaoirleach fáilte roimh an tUas Tomás Mac Dubhuir chun cur i láthair a

thabhairt don Bhord.

Mhol an tUas. Séamus Ó Domhnaill an cur i láthair agus thug sé le hinse don Bhord go

raibh na feirmeoirí i gruachás maidir le costas táirgíochta, ag inse faoin difríocht ins an

phraghas aonaid a íoctar leis na feirmeoirí agus an praghas a dhíolann na custaiméirí ins

na siopaí áitiúil. Rinneadh tagairt don easpa de dhaoine óga atá ag teacht isteach ins an

earnáil agus na pá-struchtúir.

Dúirt Seona Nic Leineacháin go raibh Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain ag

amharc ar ghníomhaíochtaí chun tacú leis an earnail talmhaiochta agus tairgeadh ceardaí

bidh.

Thug Cathal Mac Suibhne le hinse, mar fhreagra ar cheist ó Paula Nic Giolla Fhinnéin,

nach raibh taighde ar bith déanta ar éileamh ó thairgeoirí áitiúil ar bhia tairgithe go

háitiúil, go dtí seo, ach go dtiocfaidh seo a chur ar an chlár oibre.

Ghabh an Cathaoirleach buíochas leis an tUas. Mac Dubhuir ar a chur i láthair agus ar

an nuashonrú.

BFC 25/09 Fo-choiste Eacnamaíoch an BFC

Chuir an Cathaoirleach fáilte roimh an tUas. Mícheál Ó Tonnaigh chun nuashonrú a

dhéanamh don Bhord.

Thug an tUas. Micheal Ó Tonnaigh le hinse go raibh go leor comhlachtaí i nDún na

nGall i gruachás maidir le sreabhadh airgid agus forchostais arda. Dúirt sé go raibh

costais fuinneamh agus fostaíochta an-ard agus go raibh daoine ag teagmháil leis an

Bhord Fiontar ar lorg comhairle. Thug se le hinse go raibh Fo-choiste Eacnamaíoch an

BFC ag dréachtadh Plean Gníomhaíochta Eacnamaíoch chun straitéis a imlíniú chun

déaláil leis an ghéarchéim reatha seo.

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!