ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

chun cur síos a dhéanamh ar iarrachtaí le beocht

an earraigh a chur i dteanga neamhbheo nó teanga

mharbh a thabhairt slán. Tharla athbheochan mar

seo i gcás na hEabhraise sa Phailistín sa dara leath

den naoú haois déag (Ó Laoire, 1999) nó i gcás

na Coirnise labhartha sna seascaidí (Ferdinand,

2013). Bheadh sé níos cirte an téarma “athneartú”

a úsáid agus tagairt á déanamh do theanga nár éag

riamh ach atá fós ag cúlú agus í faoi bhagairt ag

mórtheanga dhomhanda.

Maíonn Spolsky (1995) go bhfuil brí faoi leith

ag coincheap an athneartaithe mar go gcuirtear

béim ann ar neartú agus ar láidriú na teanga

mar theanga an teaghlaigh agus mar theanga

phobail. Is é réimse nó fearann an teaghlaigh

an ceann is rí-thábhachtaí ar fad chun an

t-athneartú teanga a thabhairt chun críche. Is

cuma, ar deireadh thiar faoin méid tacaíochtaí

atá ar fáil don teanga i réimsí eile, murach an

seachadadh teanga sa teaghlach, ní móide go

mbeadh rath ar na tacaíochtaí sin, bídís sa

scolaíocht, i saol na fostaíochta, sa tsiamsaíocht

nó sa gharthimpeallacht. B’shin an port a bhíodh i

gcónaí á sheinnt ag an sochtheangeolaí clúiteach,

Joshua Fishman (1991; 2001) agus é ag trácht ar

shrian a chur leis an athrú teanga trí mhionteanga

a aisiompú i dtreo na hathúsáide.

AN TUMOIDEACHAS

Ní inniu ná inné a cuireadh tús leis an

tumoideachas. Ní mór a chur san áireamh go

raibh an tumoideachas á chleachtadh sa tír seo

ó cuireadh tús leis an mbunoideachas agus leis

an meánoideachas sa stát. Bhíothas meáite ar

an nGaeilge a thabhairt thar n-ais agus aithníodh

gur chrann taca riachtanach don athneartú í a

bheith mar mheán teagaisc i roinnt bunscoileanna

agus iarbhunscoileanna 2 . Chuir an stát béim ar

leithrigh ar an tumoideachais mar shlí éifeachtach

chun an t-aonteangachas (Gaeilge) a bhaint

amach. Is amhlaidh a samhlaíodh go bhféadfaí

athneartú iomlán teanga a thabhairt chun críche

trí bhithín na scoileanna. Tá sé ráite ag an údár seo

i gcomhthéacs eile (Ó Laoire, 1999) gur beartas

ón mbarr anuas a bhí i gceist leis seo a d’fhéach

le haithris a dhéanamh ar na próisis um shacsanú

agus um bhéarlú a bhí mar dhlúth agus inneach

na scoileanna náisiúnta ó thráth a mbunaithe le

hAcht Stanley in 1832 agus a bhí tar éis dul i gcion

go mór ar bhéasa urlabhartha an phobail faoin

dara leath den 19ú haois.

Ní raibh aon rath áfach ar an mbeartas seo

ón mbarr anuas maidir le srian a chur leis an

athrú teanga i dtreo an Bhéarla. Ó na caogaidí

i leith, chonacthas titim thubaisteach i líon na

mbunscoileanna agus na n-iarbhunscoileanna

lán-Ghaeilge. Bhíothas ag súil le toradh níos fearr

ar a gcuid iarrachtaí cúramaí an athneartaithe a

fhágáil faoin scolaíocht amháin agus níor éirigh

leis na scoileanna a chur ina luí ar an bpobal,

Gaeilge, seachas Béarla a chleachtadh i réimsí an

teaghlaigh agus na sochaí.

AN TUMOIDEACHAS “NUA”

Sa tír seo tháinig an tumoideachas “nua” ar an

bhfód sna seachtóidí agus tá méadú ag teacht

2 Méadaíodh, dá réir, ar líon na scoileanna lán-Ghaeilge

(bunscoileanna A) lasmuigh den Ghaeltacht chun athneartú teanga

a bhaint amach. Faoin mbliain 1930, mar shampla, scoileanna lán-

Ghaeilge ab ea 4% de bhunscoileanna na tíre agus bhí an céatadán

sin ardaithe go 12% deich mbliana ina dhiaidh sin. Bhí céatadáin

níos airde i gceist i gcás na n-iarbhunscoileanna. Faoin mbliain

1942, bhí 28% d’iarbhunscoileanna ina méanscoileanna A ag

freastal ar thart ar 27% de dhaltaí iarbunscoile na tíre. (Comhairle

na Gaeilge, 1974).

PAGE 100