ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

sochtheangeolaíocha scoileanna aonair agus

saincheisteanna a bhaineann le soláthar

múinteoirí ar Gaeilgeoirí inniúla iad.

Sa bhliain 2016, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais

an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022

d’fhonn soláthar Gaeloideachais ar ardchaighdeán

i suíomhanna luathbhlianta agus i scoileanna

i limistéir Ghaeltachta a dheimhniú agus chun

tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga i

bpobail Ghaeltachta.

Rinne mo Roinn infheistíocht shuntasach

chun tacú le tionscnaimh Ghaeilge a chur chun

feidhme faoin bPolasaí don Oideachas Gaeltachta.

Tagann naoi gcinn déag d’iar-bhunscoileanna

agus bunscoil amháin faoi choimirce na mBord

Oideachais agus Oiliúna agus faigheann na

scoileanna sin acmhainní breise gach bliain chun

tacú lena rannpháirtíocht sa Scéim Aitheantais

Scoileanna Gaeltachta. Tagann cúig iar-bhunscoil

oileánda faoi choimirce na mBord Oideachais

agus Oiliúna freisin agus tá pacáiste bliantúil

acmhainní breise tiomnaithe á fháil acu ón

mbliain 2018 amach chun aitheantas a thabhairt

dá gcomhthéacs ar leithligh. Is í an aidhm atá le

dhá chlár oideachais mhúinteoirí nua trí mheán

na Gaeilge, ina mbíonn suas le 60 áit nua ar

fáil gach bliain, ná cur leis an líon múinteoirí

ar féidir leo oideachas trí mheán na Gaeilge ar

ardchaighdeán a sholáthar.

Áirítear leis na forbairtí dearfacha curaclaim a

rinneadh i réimse an Ghaeloideachais leagan nua

de Churaclam Teanga na Bunscoile a foilsíodh

in 2015 agus dhá shonraíocht nua a thabhairt

isteach do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí in 2017.

Cuirfidh na sonraíochtaí nua ábhar atá bhforbairt

ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus

Measúnachta (CNCM) leis an obair a rinneadh

ar na sonraíochtaí a cuireadh ar fáil cheana féin

don tSraith Shóisearach. Cuireann straitéisí mo

Roinne agus na polasaithe Rialtais, lena n-áirítear

an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an Polasaí

don Oideachas Gaeltachta bonn taca faoi na

forbairtí seo go léir.

Tá sé rí-thábhachtach le linn na tréimhse

dúshlánaigh seo go gceiliúrfaimis ár n-oidhreacht,

ár dteanga agus ár gcultúr agus go mbeimis

bródúil as ár bhféiniúlacht Ghaelach uathúil. Tá

áthas orm go bhfuil san eagrán speisialta seo alt

ina dtarraingítear aird ar na héachtaí éagsúla a

tháinig as na hidirghabhálacha spriocdhírithe

a rinneadh mar chuid den Scéim Aitheantais

Scoileanna Gaeltachta agus den Pholasaí don

Oideachas Gaeltachta.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le

ETBI faoin rannpháirt réamhghníomhach nuálach

seo i leith na Gaeilge agus an oideachais trí

mheán na Gaeilge a chur chun cinn san earnáil

Bhord Oideachais agus Oiliúna. Beidh an t-eagrán

Gaeilge speisialta seo den Irisleabhar Oideachais

ina fhoinse luachmhar faisnéise faoi chuid mhór

gnéithe den Ghaeloideachas. Níl aon amhras orm

ach go mbainfidh na baill foirne agus na scoláirí

i scoileanna na mBord Oideachais agus Oiliúna

an-taitneamh as na himeachtaí spéisiúla atá

beartaithe do Bhliain na Gaeilge ETBI 2020/21, ar

clár é a bhfuil fáilte mhór roimhe, le linn bliana a

bhí thar a bheith dúshlánach go dtí seo.

PAGE 8