ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

Brollach

Norma Foley TD - An tAire Oideachais

Tá lúcháir orm an brollach a scríobh don eagrán

speisialta seo den Irisleabhar Oideachais ar líne

ó Bhoird Oideachais agus Oiliúna na Éireann

(ETBI), rud a thagann i gcomhthráth le Bliain

na Gaeilge 2020/21 atá á reáchtáil ag ETBI agus

leis an gclár spreagúil gníomhaíochtaí Gaeilge

atá beartaithe. Táim sásta a fheiceáil gur tugadh

cuireadh do scríbhneoirí éagsúla ailt as Gaeilge

a chur isteach don eagrán speisialta seo. Tá an

ETBI ag soláthar sárdheis anseo chun léargas níos

doimhne a thabhairt ar an nGaeloideachas agus

chun aird a dhíriú ar na buntáistí a bhaineann léi

i suíomhanna oideachais éagsúla, lena n-áirítear

suíomhanna do scoláirí a bhfuil riachtanais

speisialta oideachais acu agus scoileanna atá

rannpháirteach i gComhionannas Deiseanna sna

Scoileanna a Sheachadadh (DEIS).

Aithnítear go forleathan na buntáistí a bhaineann

leis an nGaeloideachas. Tugtar le fios i staidéir

thaighde go mbaineann scoláirí a lán tairbhí as

oideachas a fháil i suíomhanna tumoideachais,

lena n-áirítear scileanna cognaíocha níos fearr,

scileanna litearthachta agus saibhreas teanga

níos fearr agus gnóthachtáil oideachasúil níos

airde, beag beann ar a gcumas, ar a stádas

socheacnamaíoch agus ar a gcúlra cultúrtha.

Gné lárnach de bheartas an Rialtais is ea an

Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú mar

GNÉ LÁRNACH DE BHEARTAS AN

RIALTAIS IS EA AN GHAEILGE A CHUR

CHUN CINN AGUS A CHAOMHNÚ

MAR CHUID DHÍLIS DÁR GCULTÚR,

DÁR N-OIDHREACHT AGUS DÁR

BHFÉINIÚLACHT.

chuid dhílis dár gcultúr, dár n-oidhreacht agus

dár bhféiniúlacht. Is í an aidhm atá le cur chun

feidhme na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge

2010-2030 ón Rialtas ná úsáid na Gaeilge agus

an t-eolas atá uirthi mar theanga phobail a

mhéadú de réir a chéile. Tá sé ríthábhachtach go

bhforbrófaí sochaí dhátheangach, áit ar féidir leis

an oiread daoine agus is féidir Gaeilge agus Béarla

a úsáid leis an éascaíocht agus an inniúlacht

teanga céanna. Rud eile a thacaíonn le cur chun

feidhme na Straitéise 20 Bliain is ea an Plean

Gníomhaíochta 5 Bliana don Ghaeilge, a foilsíodh

in 2018, trí chur chuige comhtháite iomlánaíoch a

ghlacadh i leith na Gaeilge a chur chun cinn agus a

chur ar aghaidh.

Bíonn sé dúshlánach uaireanta an oideachas trí

mheán na Gaeilge a sholáthar i scoileanna ar

roinnt cúiseanna, lena n-áirítear comhthéacsanna

PAGE 7