ETBI Journal of Education November 2020 PAGE 114
ETBI Journal of Education November 2020 Oideachas ar Oileáin – Comhthéacs dúshlanach ach féidearthachtaí suimiúla d’fhonn inmharthanacht na n-Oileán a spreagadh Tomás Mac Pháidín Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin Tom P. Mac Pháidín Mac Léinn - Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach COMHTHÉACS AGUS CÚLRA DEN IAR- BHUNOIDEACHAS AR OILEÁIN NA hÉIREANN ‘Nissology’ (Baldacchino, 2006; Gill, 2017; Mac Pháidín, 2018; McCall, 1994, 1996) a thugtar i mBéarla ar staidéar ar oileáin, ach níl mórán taighde foilsithe faoi oileáin na hÉireann ná faoi scoileanna orthu (Oireachtas Éireann, 2018). Tá deiseanna an iar-bhunoideachais ar oileáin na hÉireann faoi chaibidil san alt seo, agus saindúshláin comhthéacsmhara le sárú. Aithnítear tiomantas na n-oileánach le todhchaí oileáin na hÉireann a chinntiú, na hoileáin Gaeltachta ina measc, trí na scoileanna orthu a dhaingniú. Spreagtar pleanáil réamhghníomhach scoileanna ar oileáin, go háirithe agus titim shuntasach agus leanúnach ar dhaonra oileáin na hÉireann, agus brú dá réir ar scoileanna (GRETB, 2020; CSO, 2017). Ainneoin daonra na n-oileán a bheith ag laghdú go leanúnach https://www.chg.gov.ie/gaeltacht/ islands/populated-off-shore-islands/, tá an soláthar iar-bhunoideachais ar oileáin in Éirinn, mar fhorbairt dhearfach chomhaimsearach, agus ceithre cinn de na cúig iar-bhunscoil ar oileáin, bunaithe ó 1985 i leith, faoi phátrúnacht agus faoi bhainistíocht Bhord Oideachais agus Oiliúna (BOO), sin BOO na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) agus BOO Dhún na nGall (DETB), (GRETB, 2017; Mc Hugh, 2017; Oireachtas Éireann, 2018). Is scoileanna ceannródaíocha iad, le bainistíocht agus foirne tiomanta, díograiseacha (GRETB, 2017; Mc Hugh, 2017; Oireachtas Éireann, 2018), ach iad ag feidhmiú le blianta in éagmais na dtacaíochtaí riachtanacha breise, a eascraíonn as comhthéacs oileánda (ETBI, 2020; GRETB, 2017; Mc Hugh, 2017; Oireachtas Éireann, 2018). Le súil don todhchaí, d’éirigh le GRETB agus DETB na forbairtí seo a leanas a dhéanamh chun seirbhísí oideachais oileánda a threisiú: PAGE 115