ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

An Cheannaireacht Iarbhunscoile sa Tumoideachas i

gcúinsí nach bhfacthas riamh cheana

An Dr T.J. Ó Ceallaigh - Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach

ACHOIMRE

Tá athrú as cuimse – athrú buan, b’fhéidir

– tagtha ar chleachtais ceannaireachta

scoile mar gheall ar COVID-19. Mar thoradh

ar an bpaindéim, tá claochlú tagtha ar an

gceannaireacht scoile agus drochsheans go

mbeidh rudaí ar ais mar a bhí go luath, má

bhíonn in aon chor. Tá sé léirithe go follasach

sa taighde gur prionsabail sheasta bhuana iad

prionsabail na dea-ceannaireachta, i. fís shoiléir,

daoine eile a fhorbairt, daoine a bhainistiú,

cur leis an acmhainneacht srl. (Leithwood

et al., 2020). Léirítear leis an bhfianaise

freisin a thábhachtaí atá an cheannaireacht a

fhreagraíonn don chomhthéacs, rud a thugann

le tuiscint an t athrú atá tagtha ar chleachtais

ceannaireachta scoile i ngeall ar COVID-19

(Harris, 2020). Níos mó ná riamh, tá gá le huirlisí

a bhaineann go sonrach leis an tumoideachas

agus atá bailíochtaithe le taighde chun tacú

le ceannairí a mbealach a dhéanamh tríd an

teannas le linn paindéime agus iad sa tóir ar

an sármhaitheas. Sa pháipéar seo, déantar

spléachadh ar thábhacht na ceannaireachta

sa tumoideachas agus tugtar léargas ar uirlis

féinmheastóireachta a bhaineann go sonrach

le dea-chleachtais na ceannaireachta sa

tumoideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

LÉIRÍTEAR GO

COMHSHEASMHACH I STAIDÉIR

AR SCOILEANNA TUMOIDEACHAIS

ÉIFEACHTACHA GO mBÍONN FÍS

CHOMHTHÁITE CHOMHROINNTE

AR FUD NA SCOILE AG CLÁIR

ARDCHAIGHDEÁIN, FÍS A

BHÍONN TREORAITHE AG AN

gCEANNAIREACHT FHÍSEACH

RÉAMHRÁ

Maidir le taighde ina léirítear tairbhí an

tumoideachais, is iondúil a bhíonn an taighde

sin bunaithe ar thorthaí a bhaineann le próisis

éifeachtacha na ceannaireachta agus na

bainistíochta (Genesee et al., 2006; Hunt, 2011;

Thomas & Collier, 2017). Tá ceannaireacht

éifeachtach sa tumoideachas ríthábhachtach

d’fhorbairt na scoile trí pháirt bhríomhar a

ghlacadh sa phróiseas féinmheastóireachta

scoile, caighdeáin a ardú, réimsí a shainaithint

inar féidir feabhas leanúnach a bhaint amach,

eolas a chomhroinnt, agus tacú leis an bhforbairt

ghairmiúil leanúnach (Rocque et al., 2016). Mar

PAGE 31