ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

cuimhneamh ach ar leas na bpáistí agus bhíodar

toilteanach bóthar nua a shiúl a chuirfeadh le

cumas na hóige níos mó ceoil a bhaint as an

saol. Ansin tugadh cuireadh dos na tuismitheoirí

agus dos na páistí dul go dtí an coláiste ollscoile.

B’shin turas faoi leith mar gur cuireadh fáilte

mhór rompu uile agus in aon chúig nóiméad

amháin tógadh anuas fallaí arda na hollscoile agus

scaoileadh an pobal isteach.

Bliain iontach ba ea bliain sin an ullmhúcháin.

Maisíodh an foirgneamh scoile agus cuireadh

áit faoi leith ar fáil don Ghaelcholáiste. Tháinig

na daltaí isteach agus ceiliúradh ré nua i saol an

choláiste. Lean na múinteoirí agus na cúntóirí

riachtanaisí speisialta (CRS) orthu ag foghlaim

na teanga. In ainneoin Covid cuireadh le méid na

scoláirí agus i bhfómhar na bliana 2020 tháinig

breis is 30 dalta isteach an doras! Tá borradh

dochreidte faoin áit anois, go háirithe sa seomra

foirne. Cothaíonn dóchas breis dóchais agus bhí

an méid sin le feiscint go soiléir nuair a bhuaigh

an scoil gradam Joe McDonagh i nDeireadh

Fómhair 2020. Ba dheacair an gaisce sin a shárú.

Dian obair, an t-uafás allais, samhlaíocht bheo

agus fís atá do-shrianta. Sin iad na tréithe a bhí

ag teastáil chun tabhairt faoin bhfeachtas seo.

Bhuaigh an fhoireann go rábach ar an dúshlán.

Molaim an gaisce seo. Bhí misneach in aghaidh

an aird acu ach ní rabhadar riamh ina n-aonar.

Tá dea-shampla tugtha acu don saol. Broicleach

linbh is ea an t-aonad.

PAGE 82