ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

athneartú teanga agus pléifear é sin sa chuid

eile den alt seo.

AN TUMOIDEACHAS AGUS ATHNEARTÚ

TEANGA

I dtíortha agus sna réigiúin ar fud na cruinne

a luadh thuas, ní leor leibhéal seachadta

na teanga atá faoi bhagairt ag mórtheanga

dhomhanda go dtí an chéad ghlúin eile chun

inmharanacht teanga a dheimhniú. Ba í tuairim

Baker (2002) scór bliain ó shin go raibh ag

éirí le hathneartú mionteangacha dála na

Breatnaise, na Catalóinise agus na Bascaise

de bharr pleanála sealbhaithe teanga agus an

tumoideachas. Tá an-chuid ag brath, mar sin,

ar an gcóras tumoideachais chun cainteoirí

líofa, gníomhacha a ghiniúint i gcás na Gaeilge,

tá an ról lárnach a d’fhéadfadh a bheith ag

an gcóras oideachais maidir le beocht a chur

i bhforleathnú na Gaeilge aitheanta ag an

Rialtas sa Straitéis Fiche Bliain (Rialtas na

hÉireann 2000:12) áit a deirtear: “Is é an tátal a

bhaintear as iarrachtaí athneartaithe teangacha

ar fud an domhain go bhfuil sé thar a bheith

riachtanach beocht a chur sa Ghaeilge lasmuigh

den seomra ranga I gcás na ndaoine óga atá

á foghlaim sa chóras oideachais foirmiúil.”

Déantar an ceangal céanna idir oideachas

teanga agus leathnú úsáid teanga sa phobal sa

Pholasaí Oideachas Gaeltachta, áit a gcuirtear

béim ar an ról lárnach atá ag an gcuraclam chun

tacú le hinniúlacht Ghaeilge cainteoirí dúchais

agus luaitear tábhacht earnáil na scoileanna

a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge chuige

seo (ROS, 2016; Ó Laoire, 2019). Is léir, mar

sin, go bhfuil ionchas ag an Stát maidir leis an

teanga a athneartú agus a láidriú trí mheán

na scoileanna i gcoitinne agus trí bhithín an

tumoideachais ach go háirithe.

Má tá aicme foghlaimeoirí ann a d’fhéadfadh

cur le dul chun cinn na teanga, is í iar-dhaltaí

na scoileanna lán-Ghaeilge. Ar an iomlán,

baineann foghlaimeoirí tumoideachais i gcoitinne

caighdeán sách maith sa teanga amach (Harris

et al, 2006). D’fhéadfaí a áiteamh go mbeadh

níos mó de sheans ann ná a mhalairt gur

úsáideoirí gníomhacha a bheadh sna daltaí seo

ar fhágáil na scoile dóibh. Chruthaigh taighde

Darmody agus Daly (2015) go bhfuil seans níos

mó ann go labhródh daoine fásta Gaeilge má

bhí ardchaighdeán bainte amach sa teanga acu.

Luann Ó Duibhir agus Ní Thuairisg (2019:267):

“Grúpa amháin a bhfuil caighdeán réasúnta maith

sa Ghaeilge is ea iar-dhaltaí na scoileanna lán-

Ghaeilge. Ní féidir talamh slán a dhéanamh de

afách, go labhróidh siad Gaeilge tar éis dóibh an

scoil a fhágáil.” Tá fianaise i dtaighde a rinneadh

thar na blianta nach mbíonn úsáid fhorleathan na

Gaeilge mar thoradh cinnte ar an tumoideachas

(Ó Duibhir agus Ní Thuairisg, 2019). Is é an

dúshlán is mó atá roimh phleanálaithe teanga atá

ag iarraidh an teanga a athneartú ná an cumas

teanga a bhíonn ag an gcóhort iar-fhoghlaimeoirí

tumoideachais a aistriú go húsáid agus ciorcal

nó núicleas úsáideoirí teanga a chothú i

dtimpeallacht na scoile tumoideachais.

Ní bhaineann an dúshlán leis an tír seo amháin

áfach. Tá taighde inspéise curtha ar fáil ag

Dunmore (2019) ar úsáid laethúil Ghaeilge na

hAlban i measc iar-fhoghlaimeoirí tumoideachais.

Rinne sé staidéar ar úsáid agus ar ídéeolaíochtaí

teanga i measc an chéad chóhort

iar-fhoghlaimeoirí tumoideachais idir fiche go

tríocha bliain tar éis dóibh an scoil a fhágáil. Fuair

sé amach nach n-úsáideann ach dornán beag de na

hiarfhoghlaimeoirí seo an teanga sa ghnáthshaol

laethúil, cé go bhfuil meon an-dearfa acu i leith na

teanga agus an chultúir.

PAGE 102