ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

An Dr Karen Ní Chlochasaigh

Léachtóir / Comhordaitheoir gníomhach ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta,

Coláiste Mhuire gan Smál

Is léachtóir í an Dr. Karen Ní Chlochasaigh ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, Coláiste Mhuire

gan Smál. Rinne sí staidéar iardhochtúireachta in Insitiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus leis

an bhForas Taighde ar Oideachas ar an tumoideachas do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge i gceantair mhíbhuntáiste.

Tá spéis ar leith aici san oideachas ionchuimsitheach sa chóras tumoideachais, sealbhú éifeachtach an dara teanga,

cumasú scileanna teanga an mhúinteora tumoideachais agus san fhoghlaim agus teagasc ríomhchuidithe. Tá sí ag

feidhmiú faoi láthair mar chomhordaitheoir gníomhach ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, CMgS

An tUas. Seán Ó Broin

Léachtóir, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Tá a shaol proifisiúnta ar fad caite aige ag múineadh Gaeilge agus ag cur na teanga chun cinn. Ó d’éirigh sé as

a phost mar phríomhoide i Scoil Phobail Chionn tSáile tá sé ag obair i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh mar

léachtóir i Scoil an Oideachais agus mar theagascóir i Roinn na Gaeilge. Suim nach beag aige sa Ghaeloideachas

agus faoi láthair tá sé mar chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin.

An Dr Laoise Ní Thuairisg

Léachtóir, Scoil na Teanga, na Litearthachta agus an Oideachais Luathóige, Institiúid Oideachais, OCBÁC

Is léachtóir í Laoise Ní Thuairisg i Scoil na Teanga, na Litearthachta agus an Oideachais Luathóige in Institiúid

Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sí ina cathaoirleach ar an gclár Baitsiléir Oideachais i nGaeilge,

agus Fraincis nó Gearmáinis nó Spáinnis. Múineann sí cúrsaí ar mhúineadh na Gaeilge agus trí Ghaeilge chomh

maith leis an dátheangachas. Tá spéis aici sa phleanáil teanga, san oideachas teanga agus i bhforbairt ghairmiúil an

mhúinteora. Tá roinnt tionscadal taighde curtha i gcrích aici le déanaí a dhíríonn ar ghnéithe den oideachas Gaeltachta.

An tOllamh Muiris Ó Laoire

Ollamh agus Léachtóir Sinsearach, Roinn na nEolaíochtaí Sóisialta, Scoil na Sláinte agus na nEolaíochtaí

Sóisialta, An Institiúid Teicneolaíochta, Trá Lí, Co. Chiarraí.

Is Ollamh agus Léachtóir Sinsearach é Muiris Ó Laoire PhD i Roinn na nEolaíochtaí Sóisialta Institiúid Teicneolaíochta

Thrá Lí. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann é agus tá sé ina údar leabhar, téacsleabhar agus tá roinnt alt agus caibidlí

foilsithe aige ar ilteangachas, beartas teanga, an dátheangachas agus oideolaíocht. Chaith sé blianta mar mhúinteoir

Gaeilge agus Fraincise agus sula ndeachaigh sé i mbun an phoist in Institiúid Teicneolaíochta, d’oibrigh sé mar

thaighdeoir in Institiúid Teangeolaíochta na hÉireann agus sa Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

PAGE 150