ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

Is é an rud is suntasaí faoi mhúineadh teangacha

i scoileanna ar fud an domhain faoi láthair, ní

hamháin Gaeilge, ná go gcruthaíonn sé taithí

ag na miliúin duine gur deacair an rud é teanga

a fhoghlaim, rud a chuireann bac nach beag ar

thabhairt faoi theangacha eile a fhoghlaim tar éis

scoile agus ar chumarsáid mhaith thuisceanach

idir chainteoirí teangacha éagsúla ó chultúir

éagsúla.

Tá a fhios ag na teangeolaithe agus le

hoideachasóirí gur féidir le duine teanga a

shealbhú ag an leibhéal beagnach céanna agus

an chéad teanga má thosaíonn siad roimh 10-

12 bliain d’aois. (Mar shampla, Hartshorne,

Tenenbaum & Pinker 2018) Tosaítear an Ghaeilge

a fhoghlaim ar scoil in Éirinn ag aois 5 bliana

d’aois. Tús maith, déarfá. Ansin tá 13 bliain eile

ag an gcóras oideachais in Éirinn chun an teanga

a thabhairt don duine ar bhealach go mbeadh

sé líofa inti don saol ar fad agus gan mórán dua

a bheith curtha isteach acu ann. Cén fáth nach

n-oibríonn sé?

Tá athrú meon ag lucht eagraithe mhúineadh

na Gaeilge ag teastáil chun aon dul chun cinn a

dhéanamh i leith na Gaeilge. Caithfear an cuspóir

a bheith soiléir os ár gcomhair chun teacht ar an

modh is fearr chun í a thabhairt – agus is d’aon

ghnó atáim ag seachaint an focal ‘múineadh’ –

don duine. Cén fáth a gcaitheann daoine am ag

foghlaim Gaeilge ar scoil? An díreach chun taithí

foghlama Gaeilge a bheith ag duine sa saol chun

go mbeadh taithí Éireannach acu? Go mbeadh

siad in ann an taithí a roinnt de “D’fhoghlaim

mé ar scoil í ach ní cuimhin liom aon rud. Is é

an bealach a múintear í”? Nó an é an cuspóir go

mbeadh an duine in ann feidhmiú sa teanga sin?

Más an dara rud atá i gceist, caithfear cur

chuige ar leith a bheith ann i leith na Gaeilge

agus ceapaim go láidir go gcaithfear fáil réidh

le ranganna agus scrúduithe Gaeilge agus

cuimhneamh ar chur chuige níos gníomhaí, níos

réadúla, níos bríomhaire. Caithfear mothúchán

a bheith ag an duine ón gcéad lá agus é nó í

ag plé le Gaeilge gur teanga don saol í, teanga

nádúrtha agus teanga ina bhfuil fáilte rompu

mar chainteoirí, mar úinéirí agus í á tabhairt

dóibh ag tuismitheoirí teanga seachas múinteoirí.

Ní chaithfear ranganna le téacsleabhair agus

múinteoirí a bheith ann i gcás shealbhú Gaeilge

ach comhluadar teanga, úsáid réalaíoch teanga

agus tuismitheoirí teanga. Caithfear go mbeadh

fonn ag duine dul chuig an sos Gaeilge seachas

chuig rang Gaeilge.

Tá an oiread ábhar scríofa agus labhartha i

nGaeilge anois – scannáin, amhráin, podchraolta,

altanna, giolcanna agus araile. Is teanga nuaaimseartha

í a mbíonn daoine óga ag scríobh

altanna agus ag giolcaireacht inti, teanga

scannánaíochta agus teanga ina ndéantar na

cláracha faisnéise is fearr, b’fhéidir, in Éirinn,

teanga a scríobhann daoine óga filíocht agus rap

inti. Is maith an rud iad an scéalaíocht agus an

fhilíocht dóibh siúd a bhfuil suim acu iontu agus a

bhfuil an teanga ag an leibhéal sásúil ag a mbeidís

in ann é sin a léamh agus a phróiseáil.

Tá sé tábhachtach go mbeadh teanga gar do chroí

an duine ón aois an-óg má tá tú ag iarraidh go

mbeadh luach ag baint leis an teanga don duine

sin. Chomh maith leis sin caithfear an teanga a

thabhairt don duine i gcomhthéacs chultúr na

teanga sin – is é fonn a bheith páirteach i gcultúr

na teanga an t-inspreagadh is mó a chabhraíonn

PAGE 139