ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

tacaíocht ar fáil ach í a iarraidh. Bhí muintir

COGG lán tsásta leis agus fonn orthu cúpla pingin

a chaitheamh isteach sa sparán.

De réir mar a bhí an tacaíocht ag borradh bhí an

dóchas agus an misneach sa seomra foirne ag dul

i méid agus ní raibh aon leisce ar bhreis is dosaen

múinteoirí freastal ar chúrsa teanga sa choláiste

ollscoile. Chaith na múinteoirí sin bliain chruaidh

ag foghlaim agus ag déanamh léinn sa choláiste

ollscoile. Seo leo siar ansan go Corca Dhuibhne

mar ar chaitheadar deireadh seachtaine

scléipeach agus mar ar chuireadar barr feabhais

ar a raibh foghlamtha acu go dtí seo.

Ní briathra a dhearbhaíonn ach gníomh. Bhí an

méid sin soiléir ag an bpointe seo agus faid is a

bhí na múinteoirí ag foghlaim bhí an príomhoide

agus an príomhoide tánaisteach ag scaipeadh

an scéil sa cheantar. Bíonn sé tábhachtach i

gcónaí go mbeadh dea-mhéin ag na príomhoidí

bunscoile d’aon fheachtas nua sa mheánscoil.

Cuireann a leithéid de dhearcadh le comhbhá

agus le muintearas agus ba léir sara bhfad go

raibh príomhoidí na mbunscoileanna chomh

tógtha céanna leis an bhfeachtas.

Cara mór eile atá ag an scoil ná Apple atá suite ar

leac an dorais....iad thar a bheith caidreamhach

agus cabhrach, iad flaithiúil, fuinniúil agus

fáiltiúil. Thug Apple agus duine den bhfoireann

Éanna Ó Brádaigh an-chúnamh go deo agus

anois tá an scoil lom lán de iPadanna agus mórán

gléasanna nua-aimseartha eile a thugann deis do

na daltaí dul i ngleic leis an saol teicneolaíochta.

Ach cad faoi Ghaelcholáistí eile? Conas a bhí

ag éirí leo siúd? Cad iad na deacrachtaí a bhí

le sárú? Ní neart go cur le chéile agus as go

brách leis an bhfoireann timpeall an chontae

ag féachaint ar a raibh ar siúl. Buntáiste mór

a bhaineann le BOOC ná go bhfuil dornán deas

scoileanna ag múineadh tré mheán na Gaeilge

agus bhí comhairle ar fáil uathu siúd. Ábhar

misnigh don bhfoireann gaelcholáiste faoi lán

tseoil a fheiscint agus gnó iomlán na scoile a

reáchtáil as Gaeilge. Is féidir linn ba ea an mana

nua anois i gcroí na múinteoirí mar go raibh an

aisling ag éirí níos iomláine agus tuigeadh de réir

a chéile go bhféadfaí an cúram seo a chur i gcrích

go slachtmhar.

Gné an-tábhachtach sa chúram seo ná duine

stuama foighneach cáiréiseach a fháil a

bhainisteodh an Gaelcholáiste sara gceapfaí

múinteoir i bhfeighil. Bhí an t-ádh dearg leis an

scoil go raibh fáil ar Hilary O’Connor, iar-imreoir

haca le Cúige Mumhan agus Gaeilgeoir den scoth.

Tá ocht mbliana caite aici sa scoil agus í daingean

docht dílis i mbun a cúraimí riamh is i gcónaí.

Tá cuma mháithriúil uirthi agus dá bharr san

braitheann na páistí ar a suaimhneas ina teannta.

Is é an múinteoir i bhfeighil an chéad ainm

a luaitear le haonaid lán Ghaeilge. Is é an

múinteoir seo a chuireann fuinneamh agus

spleodar san aonad, a threoraíonn mórán des

na gníomhaíochtaí agus a chuireann comhairle

ar an bpríomhoide. Tá scileanna sa bhreis i

gceist sa ghnó seo. Cathain is fearr seasamh siar

agus cathain is fearr do ladhar a chur sa scéal.

Gnó an-tábhachtach mar sin is ea é an duine

ceart a aimsiú agus ba cheart i gcónaí tamall a

chaitheamh ag machnamh ar an rogha seo.

Ach ná dearmadaimis na tuismitheoirí! Céim

chróga dóibh siúd ba ea í an t-aonad lán Ghaeilge

a roghnú. Ní raibh aon taithí ag éinne acu ar

a leithéid agus chuir siad a muinín ar fad sa

phríomhoide agus sa bhfoireann. Ní rabhadar ag

PAGE 81