ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

Níl an dul chun cinn suntasach atá déanta ag

na hoileáin le hiar-bhunscoileanna caillte ar

oileáin eile. Feictear go forleathan tionchar na

scoileanna, iar-bhunscoileanna go háirithe, i

seasmhacht daonra agus i maolú ar theitheadh

chun na mórthíre (Oireachtas Éireann, 2018). Tá

pobal Inis Bó Finne na Gaillimhe, oileán le daonra

175 (CSO, 2016) agus 13 scoláire sa bhunscoil

2019/2020, i ndiaidh iarratais a dhéanamh ar

GRETB agus ar an Aire Oideachais iar-bhunscoil

a bhunú ar an oileán sin i 2020, rud a thacódh

le todhchaí agus inbhuanaitheacht Inis Bó Finne

http://www.inishbofin.com/icc/. Tá tacaíocht

láidir don iarratas tugtha ag Comhdháil Oileáin na

hÉireann (COÉ) agus ag geallshealbhóirí eile.

CONCLÚID

Ainneoin stair atá achrannach in amanta idir

oileáin na hÉireann agus an Stát ó thaobh easpa

soláthair de sheirbhísí, seirbhísí oideachais ina

measc, agus glúnta de laghdú daonra na n-oileán

(CSO, 2016), tá dóchas agus misneach léirithe ag

oileáin na hÉireann.

Níl pobail na n-oileán ag suí thart le go

dtarlódh díothú Blascaodach dóibh, le mana

cuimhneacháin ar nós ‘ní bheidh ár leithéid

arís ann’ (Ó Criomhthain, 1929). Táthar ag

éileamh gníomhaíocht dhearfach ón státchóras,

polasaí agus reachtaíocht do na hoileáin mar

chnámhdroma forbartha fearacht mhúnla na

hAlban https://beta.parliament.scot/-/media/

files/legislation/bills/previous-bills/islandsscotland-bill/stage-3/islands-scotland-bill-aspassed.pdf

ach san idirlinn tá said ag gníomhú

chun a dtodhchaí féin a rianadh.

Tuigtear an ról lárnach a bhaineann le scolaíocht

agus oideachas in inbhuanaitheacht na n-oileán

don ghlúin atá le teacht. Sin an chúis go bhfuil

Príomhoidí agus Boird Bainistíochta na 11

bunscoileanna agus 5 iar-bhunscoileanna,

tacaithe ag a bPátrúin mar bhainisteoirí scoile,

easpaig áitiúla deoise agus BOO faoi seach, ag plé

go fonnmhar le Próiseas Comhairliúchán Choiste

Idir-Rannach an Rialtais i leith na n-oileán,

d’fhonn polasaithe cuí a fhorbairt d’Oileáin na

hÉireann, agus oideachas i measc na mór-réimsí

saoil agus mar sheirbhís riachtanach ar gach

oileán.

Níl na scoileanna, na hiarbhunscoileanna ach

go háirithe, ag suí ar a gcuid lámha, tá siad

réamhghníomhach, forásach ag cothú pobal

scoile áitiúil, agus ag baint úsáide go straitéiseach

as scéimeanna agus deiseanna eile chun líon

scoláirí cuí a aimsiú chun todhchaí na scoileanna

a chinntiú. Glactar rannpháirtíocht fhonnmhar

sa Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta

de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna,

https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/polasaidon-oideachas-gaeltachta-20172022/#sceimaitheantais-scoileanna-gaeltachta

Tá an obair

seo uile tacaithe san earnáil iar-bhunscoile

ag teistiméireachtaí moltacha ó scolairí agus

ó thuismitheoirí, agus dearbhaithe ag córas

cinntiú caighdeáin agus rialachais na mBord

Bainistíochta agus na mBoird Oideachais agus

Oiliúna. Cinntíonn seo todhchaí dhearfach

inbhuanaithe scoile agus oileánda araon.

*Glactar buíochas ar leith le hÁine Griffin, Seirbhísí

Corporáideacha GRETB, as a cuid díograis agus

dúthrachta ag tacú le taighde don alt seo, agus tacú le

hobair GRETB ar son na n-Oileán.

PAGE 121