ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

sin féin, bíonn feabhas leanúnach sna torthaí

oideachais do dhaltaí tumoideachais ag brath ar

cháilíocht na ceannaireachta ar roinnt leibhéal sa

chomhthéacs tumoideachais. Is ann do raidhse

litríochta ar an gceannaireacht oideachais go

ginearálta ina n aithnítear saintréithe ceannaire

‘rathúil’ scoile (Leithwood & Day 2007; Waldron

et al., 2011) ach, ina ainneoin sin, is lú i bhfad an

taighde atá déanta, agus an tuiscint atá againn, ar

conas is ceart freastal ar na héilimh a bhíonn ar

cheannairí scoile i gcomhthéacs an tumoideachais

– go háirithe príomhoidí i scoileanna lán-Ghaeilge

agus Gaeltachta.

Ós rud é nach féidir an tumoideachas a

shainmhíniú ach lena chomhthéacs amháin,

bíonn ceisteanna ann maidir le húsáid an phróisis

féinmheastóireachta scoile ag ceannairí chun

an rathúlacht a shainaithint agus a thomhas

in éagmais aon sainmhíniú ar chleachtas

tumoideachais an-éifeachtach iarbhunscoile

nó beartas bunaithe ar thaighde maidir leis an

tumoideachas in Éirinn. Éilítear leis na ceisteanna

diana suntasacha sin uirlisí a bhaineann

go sonrach leis an tumoideachas agus atá

bailíochtaithe le taighde chun tacú le ceannairí

a mbealach a dhéanamh tríd an bpróiseas

féinmheastóireachta scoile agus iad sa tóir ar an

sármhaitheas sa tumoideachas.

TÁBHACHT NA CEANNAIREACHTA SCOILE SA

TUMOIDEACHAS

Léirítear go comhsheasmhach i staidéir ar

scoileanna tumoideachais éifeachtacha go

mbíonn fís chomhtháite chomhroinnte ar fud

na scoile ag cláir ardchaighdeáin, fís a bhíonn

treoraithe ag an gceannaireacht fhíseach

(Calderón et al., 2011; Lindholm-Leary &

Genesee, 2010; Scanlan & López, 2015). Cé go

bhfuil fís shoiléir bunriachtanach chun nádúr

agus treoir an athraithe a leagan amach, mar sin

féin, tá sé chomh tábhachtach céanna a chinntiú

go gcuirtear gnéithe nuálacha i bhfeidhm go

héifeachtach chun an fhís a bhaint amach i. an

cheannaireacht bhainistiúil a léiriú. I dtéarmaí an

tumoideachais, léiríonn Robinson et al., (2009) go

bhfuil sé ríthábhachtach do cheannairí a chinntiú

go nglactar cinntí riaracháin bunaithe ar eolas

ar oideolaíocht éifeachtach an tumoideachais

agus go mbíonn freagrachtaí na ceannaireachta

sinsearaí agus na meáncheannaireachta ag teacht

go soiléir leis na riachtanais agus na tosaíochtaí

sainaitheanta sa scoil tumoideachais. Bíonn

ceannairí éifeachtacha tumoideachais ag obair

chun leibhéal ard comhtháthaithe, comhair agus

comhghleacaíochta a fhorbairt i measc na mball

foirne (Herman et al., 2016; Marzano et al., 2005)

chun dul chun cinn a dhéanamh ar na spriocanna

tumoideachais sainaitheanta. Dealraíonn sé nach

bhféadfadh gach ceannaire scoile saineolas a

chur ar gach aon réimse den teagasc agus den

fhoghlaim mar a bhaineann leis an tumoideachas

iarbhunscoile, ach mar sin féin tugann sé údar

maith chun freagrachtaí na ceannaireachta a

roinnt i. an cheannaireacht roinnte a léiriú. Dá

bhrí sin, ní mór don cheannaire an tiomantas

coiteann don phróiseas féinmheastóireachta

scoile a spreagadh go hoilte mar mheán chun

acmhainn na ceannaireachta a fhorbairt ar

bhonn scoile uile ar mhaithe leis an bhfoghlaim

agus an teagasc a shaibhriú sa tumoideachas

iarbhunscoile. Tugtar breac-chuntas thíos ar

uirlis féinmheastóireachta scoile a bhaineann

go sonrach leis an tumoideachas, ar dearadh

é chun bonn eolais a chur faoi chleachtas na

ceannaireachta agus an cleachtas a threorú i

gcomhthéacs an oideachais lán-Ghaeilge agus

Gaeltachta.

PAGE 32