ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

Oideachas ar Oileáin – Comhthéacs dúshlanach ach

féidearthachtaí suimiúla d’fhonn inmharthanacht na

n-Oileán a spreagadh

Tomás Mac Pháidín Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin

Tom P. Mac Pháidín Mac Léinn - Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach

COMHTHÉACS AGUS CÚLRA DEN IAR-

BHUNOIDEACHAS AR OILEÁIN NA hÉIREANN

‘Nissology’ (Baldacchino, 2006; Gill, 2017; Mac

Pháidín, 2018; McCall, 1994, 1996) a thugtar

i mBéarla ar staidéar ar oileáin, ach níl mórán

taighde foilsithe faoi oileáin na hÉireann ná faoi

scoileanna orthu (Oireachtas Éireann, 2018).

Tá deiseanna an iar-bhunoideachais ar oileáin

na hÉireann faoi chaibidil san alt seo, agus

saindúshláin comhthéacsmhara le sárú.

Aithnítear tiomantas na n-oileánach le todhchaí

oileáin na hÉireann a chinntiú, na hoileáin

Gaeltachta ina measc, trí na scoileanna orthu a

dhaingniú. Spreagtar pleanáil réamhghníomhach

scoileanna ar oileáin, go háirithe agus titim

shuntasach agus leanúnach ar dhaonra oileáin na

hÉireann, agus brú dá réir ar scoileanna (GRETB,

2020; CSO, 2017).

Ainneoin daonra na n-oileán a bheith ag laghdú

go leanúnach https://www.chg.gov.ie/gaeltacht/

islands/populated-off-shore-islands/, tá an

soláthar iar-bhunoideachais ar oileáin in Éirinn,

mar fhorbairt dhearfach chomhaimsearach, agus

ceithre cinn de na cúig iar-bhunscoil ar oileáin,

bunaithe ó 1985 i leith, faoi phátrúnacht agus

faoi bhainistíocht Bhord Oideachais agus Oiliúna

(BOO), sin BOO na Gaillimhe agus Ros Comáin

(GRETB) agus BOO Dhún na nGall (DETB),

(GRETB, 2017; Mc Hugh, 2017; Oireachtas

Éireann, 2018). Is scoileanna ceannródaíocha

iad, le bainistíocht agus foirne tiomanta,

díograiseacha (GRETB, 2017; Mc

Hugh, 2017; Oireachtas Éireann,

2018), ach iad ag feidhmiú le

blianta in éagmais na dtacaíochtaí

riachtanacha breise, a eascraíonn

as comhthéacs oileánda (ETBI,

2020; GRETB, 2017; Mc Hugh,

2017; Oireachtas Éireann, 2018).

Le súil don todhchaí, d’éirigh le

GRETB agus DETB na forbairtí seo

a leanas a dhéanamh chun seirbhísí

oideachais oileánda a threisiú:

PAGE 115