ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

BEATHAISNÉISÍ

An Dr Treasa Kirk

Príomhchigire Cúnta agus Ceannasaí ar Aonad um Oideachas Gaeltachta na Roinne Oideachais

Tá Treasa freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm céimnithe an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta

agus na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta sa Roinn Oideachais. Tá saineolas agus taithí leathan ag Treasa

maidir le hoideachas speisialta, oideachas múinteoirí, curaclam agus measúnachta, oideachas lán-Ghaeilge agus

Gaeltachta, agus tá meastóireachtaí déanta aici ar scoileanna éagsúla. Roimhe seo, bhí Treasa ina leas-phríomhoide

ar bhunscoil le stádas faoi mhíbhuntáiste agus ina éascaitheoir leis na seirbhísí tacaíochta náisiúnta do mhúinteoirí.

An Dr Gerry Shiel

Comhalta Taighde ag an bhForas Taighde ar Oideachas

Is príomhthaighdeoir é Gerry ar an Staidéar Taighde agus Meastóireachta ar an Scéim Aitheantais Scoileanna

Gaeltachta. Oibríonn sé chomh maith ar an Suirbhé Idirnáisiúnta PIRLS, agus ar na Measúnuithe Náisiúnta don

léitheoireacht Bhéarla agus don Mhatamaitic.

An tUas. Seán Ó Grádaigh

Stiúrthóir, Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), Ollscoil na hÉireann,

Is léachtóir san oideachas é Seán Ó Grádaigh i Scoil an Oideachais, Ollscoil Éireann Gaillimh. Bíonn sé ag teagasc

go príomha in Oideachas Tosaigh Múinteoirí. Tá cúlra aige mar mhúinteoir iarbhunscoile Tíreolaíochta agus spéis

faoi leith aige san Fhoghlaim dhigiteach ach go háirithe i gcruthú ábhar teagaisc. Tá ábhar teagaisc foilsithe aige

don Ghaeilge, Tíreolaíocht, Stair agus sna heolaíochtaí. Tá sé i mbun bainistíochta an MGO (Máistir Gairmiúil san

Oideachas) in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ó 2017

Sinéad In. Uí Ghuidhir

Stiúrthóir, Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Is léachtóir san oideachas í Sinéad Ní Ghuidhir i Scoil an Oideachais, Ollscoil Éireann Gaillimh. Bíonn sí ag teagasc

go príomha in Oideachas Tosaigh Múinteoirí. Is iad FCÁT/ CLiL (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga) agus an

Drámaíocht mar Mhodheolaíocht Teagaisc na réimhsí spéise agus taighde atá aici. Tá sí i mbun bainistíochta an MGO

(Máistir Gairmiúil san Oideachas) in Ollscoil na hÉireann Gaillimh ó 2017.

PAGE 148