ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

air ó shin 3 . Bhí éileamh ar scoileanna lán-

Ghaeilge agus tacaíocht an phobail laistiar díobh.

(Ó Riagáin agus Ó Gliasaín, 1979; Ó Riagáin,

1997) díreach ag am nuair a bhí trá ar an gcóras

tumoideachais a bunaíodh i luathbhlianta an stáit.

Gluaiseacht ón ithir aníos seachas beartas ón

mbarr anuas a bhí i gceist. Ní in Éirinn amháin

a bhí tóir ar an gcineál tumoideachas seo, ach

bhí ráchairt air i réigiúin agus i dtíortha eile

chomh maith; an Bhreatain Bheag, An Chatalóin,

Haváí, Tír na mBascach, an Nua-Shéalainn, mar

shampla. Sna réigiúin seo agus i réigiúin ina

raibh teangacha bundúchasacha i Meiriceá,

agus i gCeanada (Morcom agus Roy, 2019),

bunaíodh bunscoileanna agus meánscoileanna

chun teangacha dúchais a athneartú. Samhlaítear

roinnt mhaith buntáistí agus dúshláin leis an

tumoideachas a ndéantar plé gairid orthu sa

chéad chuid eile den alt seo.

BUNTÁISTÍ AGUS DÚSHLÁIN AN

TUMOIDEACHAIS NUA

Tá buntáistí an tumoideachais á n-aithint le fada,

go háirithe i gcomhthéacsanna mionteanga go

háirithe 4 . Léiríonn an taighde idirnáisiúnta go

bhforbraíonn an córas tumoideachais scileanna

acadúla (Baker & Wright, 2017) agus cumais

chognaíocha (Bialystok, Craik &

3 Ba i gCeanada sa bhliain 1965 a chonacthas

fréamhshamhail nó múnla an tumoideachais seo nuair a chuir

tuismitheoirí, oideachasóirí agus taighdeoirí tús le turgnamh

pobail ar a tugadh “St. Lambert Experiment” (Lambert & Tucker,

1972). Bhí an-rath ar an turgnamh seo ó thaobh shealbhú na

Fraincise de.

4 Míníonn García (2009:247): “Motivated by the success

of the Canadian immersion bilingual programs, ethnolinguistic

minorities who have experienced language shift away from their

heritage languages have adapted the Canadian model to fit their

needs.”

Luk, 2008) foghlaimeoirí. Ar an iomlán, bíonn

inniúlachtaí níos forbartha sa dara teanga nó sa

sprioctheanga acu (Genesee, 1987). Meabhraíonn

an taighde dúinn go bhfuil ardchaighdéan acadúil

foghlaimeoirí, ar an meán, á bhaint amach ag

foghlaimeoirí in Éirinn (m.sh. Gilleece et al, 2011)

agus i dtíortha eile chomh maith (m.sh. Genesee

& Lindholm-Leary, 2013). Tá sé á thaispeáint go

gcuireann sé go mór le féidearthachtaí shealbhú

an dara teanga gan dochar ar bith a dhéanamh do

shealbhú na chéad teanga (Gilleece et al, 2011).

Cabhraíonn sé le cleachtais agus le gnóthachtáil

i scoileanna i gceantair faoi mhíbhuntáiste (Ní

Chlochasaigh et al, 2020).

Os a choinne sin, aithnítear áfach go bhfuil

dúshláin ag baint leis. Cé go n-éiríonn le

foghlaimeoirí tumoideachais cumas agus

caighdeán an chainteora dhúchais a bhaint

amach sna scileanna gabhchumais (éisteacht

agus léamh), ní amhlaidh a bhíonn maidir lena

scileanna ginchumais (labhairt agus scríobh).

Cé go mbaineann foghlaimeoirí tumoideachais

i gcoitinne cumas cumarsáide sa dara teanga

amach (Ó Duibhir, 2018), bíonn fabhtanna agus

easpa cruinnis le sonrú ar an gcineál teanga

(idirtheanga) a thugann siad leo ón gcóras a

n-imríonn struchtúr agus comhréir an chéad

teanga tionchar mór uirthi. (Ní Dhiorbháin agus Ó

Duibhir, 2017; Ó Ceallaigh, 2016; Walsh, 2007). Tá

neart taighde nuálach, dinimiciúil ann anois á chur

ar fáil ag múinteoirí, ar taighdeoirí iad, a thugann

treoir fhéideartha agus a ghineann tuiscintí úra

do mhúinteoirí tumoideachais teacht roimh cuid

de na dúshláin seo chun leas agus tairbhe na

bhfoghlaimeoirí.

Tá mórdhúshlán eile roimh an tumoideachas

áfach a bhaineann le beartas teanga agus leis an

PAGE 101