ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

scoileanna pobalghníomhacha, sin comhthéacs

ina bhfuil pobal agus scoil ag maireachtáil ar

scáth a chéile mar chroílar an phobail. Tá contúirt

dar leis, gur meath atá i ndán don chuid eile. Tá

cur chuige comhtháite na gcoláistí tumoideachais

Gaeltachta de chuid GRETB agus DETB, i ndiaidh

a dhearbhú gur ‘scoileanna pobalghníomhacha’

iad na cúig iar-bhunscoileanna ar oileáin scoite

amach ó chósta na Gaillimhe agus ó chósta Dhún

na nGall faoi seach (GRETB, 2017; Mc Hugh, 2017;

Oireachtas Éireann, 2018).

OIDEACHAS AR OILEÁN - EISPÉARAS AR LEITH

AR FÁIL

Nuair a d’éirigh leis na scoileanna ETB muintir

na n-oileán a choinneáil sa bhaile agus freastal

orthu go háitiúil, tugadh faoi deara go mbíodh

an státchiste roimhe sin ag maoiniú déagóirí an

oileáin agus iad ar lóistín ar an mórthír d’fhonn

scolaíocht Ardteistiméireachta a chríochnú

(Mac Pháidín, 2004). Casadh an próiseas sin

ar a cheann, le bunú Scéim na bhFoghlaimeoirí

Gaeilge - Bliain ar Oileán, i 2007. Lig an scéim

nua seo, urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta

agus Gaeltachta agus eagraithe idir Coláiste

Naomh Éinne, Coláiste Naomh Eoin agus Coláiste

Ghobnait ar thrí Oileáin Árainn, suas le 10

scoláire ón mórthír teacht chuig gach oileán díobh

chun bliain scoile iomlán a chaitheamh chun

Gaeilge a fhoghlaim le lóistín iomlán na bliana

maoinithe dóibh, suas go luach €6,000. https://

colaisteghobnait.com/apply/

SCÉIM BHLIAIN AR OILEÁN - EISPÉARAS NA

SCOLÁIRÍ

Fanann na scoláirí le clann ar an oileán don scoil

bhliain agus mar sin is eispéaras pobail chomh

maith le scoile a fhaightear. Mothaíonn na scoláirí

ar a gcompórd mar chuid den phobal áitiúil agus

glacann siad páirt ghníomhach i saol sóisialta

an oileáin lena gcairde scoile agus leis an gclann

óstach chomh maith (Flaherty, 2013; Irish Times,

2015).

Bíonn an scoláire aíochta tumtha sa Ghaeilge ar

feadh na bliana toisc gurb í an Ghaeilge príomh

theanga laethúil agus cumarsáide ar na hoileáin.

Dar le hiar-scoláirí, tógann sé beagán ama dul i

dtaithí ar chanúint agus luas labhartha mhuintir

an oiléain, ach luaitear go bhfuil oileánaigh

tuiscineach agus cabhraíonn an pobal uile leo

dul i dtaithí ar an nGaeilge a úsáid mar theanga

laethúil (Flaherty, 2013).

Gné luachmhar den eispéaras oileánda ná na

scileanna inaistrithe ar a ndéantar forbairt.

Foghlaimíonn na scoláirí conas a bheith

neamhspléach agus déantar forbairt ar fhéinmhuinín.

Bíonn daltaí ildánach agus inoiriúnaithe

mar gheall ar an eispéaras oileánda. Ullmhaítear

an dalta don chéad chéim eile sa saol acadúil mar

dhuine gníomhach, muiníneach, rannpháirteach

sa phobal mar a thuairisc Lorna Siggins san Irish

Times (2015)

Chomh maith le Scéim Bhliain ar Oileán, tá

Deontas na gCeantar Iargúlta, maonithe go

bliantúil ag an Roinn Oideachais, chun lóistín

cónaitheach a chur ar fáil d’aon scoláire nach

bhfuil iar-bhunscoil cóngarach dóibh https://

www.education.ie/en/Parents/Services/Remote-

Area-Boarding-Grant/Remote-Area-Boarding-

Grant.html Éiríonn le cuid de na coláistí iarbhunoideachais

ar oileáin cuid de na scoláirí seo

a mhealladh. Le blianta beaga anuas, mealladh

5 - 10 scoláirí chuig na scoileanna ar oileáin ag

fanacht le teaghlaigh áitiúla gach bliain (GRETB,

2017).

PAGE 120