ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

na n-oilean a chinntiú, http://www.searica.eu/.

I Meán Fómhair 2019, tionóladh díospóireacht

dhá uair an chloig i nDáil Éireann maidir le

dúshláin oileáin na hÉireann, dúshláin oideachais

lárnach sa díospóireacht, réitigh inmholta

mar chuid de sin. Ba é an chéad díospóireacht

cuimsitheach Dála go sonrach faoi na hoileáin ó

1996: https://www.oireachtas.ie/en/debates/

debate/dail/2019-09-17/33/.

Spreag an dioscúrsa seo Comhairliúchán Poiblí,

eagraithe i 2020 ag Coiste Idir-rannach Rialtais

chun polasaí uilechuimsitheach do na hoileáin a

fhorbairt https://www.chg.gov.ie/news-centre/

news-centre-consultations/

TODHCHAÍ NA N-OILEÁN AGUS NA nIAR-

BHUNSCOILEANNA OILEÁNDA

Tá todhchaí na n-oileán féin, agus todhchaí

scoileanna ar na hoileáin fite fuaite ina chéile

An Taoiseach, Leo Varadkar a bhronn Uimhir Rolla ar

Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, i 2018.

(Egelund & Laustsen, 2006; Gill, 2017; Gill, 2018;

Mac Pháidín, 2004, 2008; Solstat, 1994; TUI,

2020). Lárnach anseo, tá soláthar oideachais

bunleibhéal agus iar-bhunoideachais. Má

chailleann oileán bunscoil, tréigeann teaghlaigh

óga go tapaidh, agus iarmhairtí diúltacha ag

sreabhadh as sin maidir le comhdhéanamh

phobal an oileáin, daonra an oileáin agus

todhchaí an oileáin mar phobal beo (Egelund &

Laustsen, 2006; Gill, 2017; Mac Pháidín, 2004;

Solstat,1994). Is minic gur próiseas uaislithe

sóisialta a bhíonn mar thoradh, sé sin, nach

bhfágtar mar phobal san oileán ach iad siúd a

bhfuil tithe saoire acu (Egelund & Laustsen, 2006;

Gill, 2017)

GNÍOMHACHTÚ POBAIL

Dhírigh forfheidhmiú Acht na Gaeltachta

(2012) scoileanna agus pobail araon ar a

chéile. Chabhraigh an Polasaí um Oideachas

Gaeltachta (2016) de chuid ROS, polasaí a

fháiltíonn an earnáil ETB roimhe,

le gníomhachtú a bheith déanta ag

pobail na n-oileán agus ag pobail

scoileanna ar oileáin (ETBI, 2016;

Gill, 2018; GRETB, 2017; Mac Pháidín,

2018). Is gá do scoileanna ar oileáin,

idirghníomhaíocht a dhéanamh lena

bpobail oileánda féin, maraon le

hidirghníomhaíocht a dhéanamh leis

an státchóras.

Rinne an tOllamh Peter Gill, in Ollscoil

Gävle sa tSualainn, tír le 26 oileáin a

bhfuil cónaí orthu, agus scoileanna ar

10 gcinn díobh staidéar ar oideachas

oileánda. San Fhionlainn, tuairiscíonn

Gill (2017) ar thaighde Solstad (1994), nach

bhfuil ach 50% de scoileanna sa tír sin, mar

PAGE 119