ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

Pleanáil Teanga Agus Sealbhú Gaeilge sa

Chóras Oideachais

Dr Victor Bayda Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh & Institiúid Teangeolaíochta, Acadamh

Eolaíochtaí na Rúise

ACHOIMRE

Tá sealbhú na Gaeilge i gcómhthéasc an chórais

oideachais fíorthábhachtach do cheantracha

Gaeltachta C agus do cheantracha iarGhaeltachta.

Chun an cuspóir seo a bhaint amach tá athrú

cur chuige iomlán ag teastáil i leith tacaíochta le

daoine an Ghaeilge a thabhairt leo ón scoil. An

toradh is mó faoi láthair atá ag an modh múinte

i leith na Gaeilge ná go mbíonn sé daingnithe in

aigne na ndaoine nach bhfuil inti ach ábhar scoile,

rud a chuireann bac ollmhór ar aon dul chun cinn

agus ar normalú na teanga. Caithfear mothúchán

a chruthú i measc daltaí scoile gur sosanna

gníomhacha taitneamacha Gaeilge atá acu seachas

ranganna Gaeilge agus eispéireas comhluadar

teanga, saol réadúil teanga agus tuismitheoirí

teanga a chothú.

DR VICTOR BAYDA

Bhain mé céim amach i 2004 ó Dhámh na

Fileolaíochta i Stát-Ollscoil Mhoscó. Chosain

mé mo thráchtas PhD i 2009 agus bhí mé i mo

léachtóir le Gaeilge san ollscoil chéanna go dtí

2019 nuair a ceapadh mar Oifigeach Pleanála

Teanga do Chiarraí Theas mé.

Thug Acht na Gaeltachta 2012 an próiseas

pleanála teanga isteach, rud a chuir Éire chun

tosaigh sa réimse nua pleanála seo. Faoin Acht

TÁ SÉ TÁBHACHTACH GO mBEADH

TEANGA GAR DO CHROÍ AN DUINE

ÓN AOIS AN-ÓG MÁ TÁ TÚ AG

IARRAIDH GO mBEADH LUACH

AG BAINT LEIS AN TEANGA DON

DUINE SIN.

roinneadh an Ghaeltacht i 26 limistéar pleanála

teanga agus do gach LPT tá plean teanga le

dearadh agus oifigeach pleanála teanga le

ceapadh a chuirfeadh an plean sin i gcrích.

Ceapadh mise i m’oifigeach pleanála teanga

in Uíbh Ráthach i 2019 agus táim ag obair ar

Phlean Teanga Chiarraí Theas a chur i gcrích

ó shin. Is “Ceantar Gaeltachta C” (Ó Giollagáin

agus Mac Donnacha et al. 2007) é Ciarraí Theas

rud a chiallaíonn go bhfuil níos lú ná 44% ina

gcainteoirí laethúla ann. Go deimhin, de réir

Daonáireamh 2016 níl ach 121 duine, is é sin 7%

de dhaonra Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh a mhaígh

gur cainteoirí laethúla iad agus cé gur mhaígh

níos mó ná leath de dhaonra an cheantair go

bhfuil Gaeilge acu, is léir go bhfuil an teanga

tarraingte siar go mór sa cheantar agus nach í

teanga an phobail í.

PAGE 137