ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
Create successful ePaper yourself
Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.
ETBI Journal of Education November 2020

TÁSCAIRÍ CÁILÍOCHTA NA CEANNAIREACHTA

SA TUMOIDEACHAS LÁN-GHAEILGE AGUS

GAELTACHTA

Déantar iarracht sa chreat, Ag Breathnú ar an

Scoil Againne, 2016, (an Roinn Oideachais agus

Scileanna, 2016), sraith aontaithe chomhtháite

caighdeán a sholáthar sa teagasc agus san

fhoghlaim araon, agus sa cheannaireacht agus sa

bhainistíocht. Bíodh is go n úsáideann ceannairí

scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta na ráitis

chineálacha sin chun machnamh a dhéanamh ar

an soláthar oideachais ina scoileanna agus chun

an soláthar sin a bheachtú, ní thugtar aghaidh

sna ráitis ar nádúr sainiúil na ceannaireachta sa

tumoideachas iarbhunscoile áfach. Soláthraítear

uirlis féinmheastóireachta scoile go sonrach don

tumoideachas in Táscairí cáilíochta maidir leis

an dea-chleachtas san oideachas lán-Ghaeilge

(Ó Ceallaigh & Ní Shéaghdha, 2017). Gineadh

an uirlis sin bunaithe ar thaighde cáilíochtúil

a rinneadh le 120 oideoir tumoideachais ar

bhonn uile-oileánda, agus tá sé fréamhaithe

i bhfírinní comhthéacsúla an oideachais lán-

Ghaeilge agus Gaeltachta. Tá sé bunaithe

freisin ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta

sa tumoideachas, agus ailínithe leis an deachleachtas

sin. Tá sé beartaithe go dtacóidh an

uirlis féinmheastóireachta seo le scoileanna

lán-Ghaeilge agus Gaeltachta athbhreithniú agus

measúnú criticiúil a dhéanamh ar cháilíocht

ghnéithe an tsoláthair ina scoileanna féin le

béim ar leith ar ról na ceannaireachta. Tá an

táscaire seo, An Cheannaireacht, ar cheann de

shraith táscairí cáilíochta atá curtha i láthair in Ó

Ceallaigh agus Ní Shéaghdha (2017) chun bonn

eolais a chur faoin bpróiseas féinmheastóireachta

agus chun an próiseas sin a threorú sa

chomhthéacs tumoideachais. Tá sonraí breise

ar an táscaire seo le fáil i dtuairisceoirí mar atá

léirithe thíos

TÁSCAIRE, TUAIRISCEOIRÍ AGUS TUAIRISCÍNÍ

NA CEANNAIREACHTA SA TUMOIDEACHAS

IARBHUNSCOILE

Tá moltaí (i. tuairisceoirí) maidir le conas dul

chun cinn a dhéanamh ar an táscaire (i. An

cheannaireacht i gcomhthéacs an tumoideachais)

curtha ar fáil chun tacú le ceannairí cleachtas

reatha na ceannaireachta i gcomhthéacs an

tumoideachais iarbhunscoile a mheas. Is féidir

leas a bhaint as na tuairisceoirí freisin chun

sainspriocanna agus gníomhartha feabhsúcháin

a aithint chun máistreacht a bhaint amach

ar an táscaire. Tá samplaí de chleachtais

cheannaireachta alínithe le gach tuairisceoir

(i. tuairiscíní) curtha ar fáil i dtábla 1 thíos ar

mhaithe le tacaíocht agus inspioráid thábhachtach

a thabhairt do cheannairí tumoideachais agus

iad sa tóir ar an sármhaitheas tríd an bpróiseas

féinmheastóireachta scoile ina gcomhthéacsanna

éagsúla. Rinneadh iarracht i dtábla 1 freisin gach

tuairisceoir a ailíniú leis na réimsí ceannaireachta

agus bainistíochta atá leagtha amach in Ag

Breathnú ar an Scoil Againne, 2016.

PAGE 33