ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

Daltaí a bhfuil Riachtanais Speisialta

Oideachais acu ag foghlaim trí Ghaeilge

An Dr Sinéad Nic Aindriú, An tOllamh Pádraig Ó Duibhir, An Dr Joe Travers

Institúid an Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

ACHOIMRE

Is beag taighde atá déanta ar na buntáistí a

bhaineann leis an tumoideachas do dhaltaí a

bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu.

Tugann an taighde teoranta idirnáisiúnta atá ann

le tuiscint gur féidir leis na daltaí seo caighdeán

acadúil a bhaint amach atá ar chomhleibhéal lena

bpiaraí leis na RSO céanna atá ag freastal ar scoil

trí theanga thromlaigh an phobail. Tuairiscíonn

an t-alt seo na buntáistí a bhraitear a bhaineann

le hoideachas trí mheán na Ghaeilge do dhaltaí

a bhfuil RSO acu dar le tuismitheoirí, múinteoirí,

agus príomhoidí scoileanna lán-Ghaeilge (SLG) i

bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann

faoi agallamh (N=34). Déantar cur síos freisin ar

na bealaí gur féidir le SLG freastal ar riachtanais

mheasúnaithe agus forbartha teanga daltaí a

bhfuil RSO acu.

RÉAMHRÁ

Is minic a bhíonn imní ar thuismitheoirí

an ndearna siad an cinneadh ceart nuair a

roghnaigh siad oideachais trí mheán na Ghaeilge

dá bpáiste a bhfuil riachtanais speisialta

oideachais (RSO) acu (Andrews, 2020). Is iomaí

uair a chuirtear comhairle orthu i gcoinne an

dátheangachais agus/nó an tumoideachais

dá leanbh (Andrews, 2020). Is cleachtas é

seo a tharlaíonn go hidirnáisiúnta i dtéarmaí

TUAIRISCÍODH GO GCRUTHAÍONN

ROINNT SCOILEANNA LÁN-

GHAEILGE TIMPEALLACHTAÍ

FOGHLAMA DEARFACHA

IONCUIMSITHEACHA AGUS BÍONN

LEIBHÉIL ARDA FÉINMHEASA

AGUS FÉINMHUINÍNE AG NA

DALTAÍ MAR THORADH.

comhairle ghairmiúil maidir le hoiriúnacht an

dhátheangachais/tumoideachais do pháistí a

bhfuil RSO acu (Hampton et al., 2017). Is iad na

cúiseanna a thugann gairmithe oideachais, mar

shampla, síceolaithe oideachais agus teiripeoirí

urlabhra agus teanga don chomhairle seo, ná

go bhféadfadh an dara teanga (T2) a bheith ina

chúis le mearbhall a chur ar leanbh, go gcuirfidh

sé moill ar fhorbairt na chéad teanga, nó ualach

breise orthu. Tugann taighde le fios go mbíonn

diagnóis RSO ag thart fá 9.4% de na daltaí atá ag

freastal ar bhunscoileanna SLG i bPoblacht na

hÉireann (Nic Aindriú, Ó Duibhir, Travers, 2020).

As na diagnóisí seo, is iad disléicse, neamhord

speictrim uathachais, diospraicse, deacrachtaí

mothúchánacha agus/nó iompraíochta agus

PAGE 47