ETBI Journal of Education - Vol 2:2 November 2020 (Irish-medium Education)
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
This bilingual edition of the Journal of Education celebrates Irish-medium Education
You also want an ePaper? Increase the reach of your titles
YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.
ETBI Journal of Education November 2020

dátheangachas; an bród a chothaítear sa chultúr

Gaelach; pointí breise a bhronntar orthu siúd a

thugann faoi scrúduithe na hArdteistiméireachta

trí mheán na Gaeilge; buntáistí cognaíocha an

dátheangachais; foghlaim teangacha breise;

áisiúlacht an oideachais lán-Ghaeilge de bharr

taithí ar an soláthar céanna ag an mbunleibhéal.

Ar cheann de na buntáistí is mó a bhaineann leis

an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge dar le daltaí na

hiar-bhunscoile Gaeltachta, an nádúr a bhaineann

leis an nGaeilge mar theanga chumarsáide toisc

a dtaithí ar an teanga mar theanga baile agus

pobail. Dar leis na daltaí sna hiar-bhunscoileanna

lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht go dtugann

an iar-bhunscolaíocht lán-Ghaeilge ugach don

dalta dua a chaitheamh leis an léann nach gcaitear

leis an oideachas i mBéarla.

Maidir leis na dúshláin a bhaineann leis an iarbhunscolaíocht

lán-Ghaeilge, luaitear easpa

áiseanna lán-Ghaeilge san oideachas, cumas íseal

sa Ghaeilge i measc múinteoirí agus deacrachtaí

bainteach le scrúduithe stáit.

ÚSÁID AN BHÉARLA MAR THEANGA TEAGAISC

AGUS FOGHLAMA SAN IAR-BHUNSCOIL LÁN-

GHAEILGE

I gcás dhaltaí atá sa bhliain dheireanach dá gcuid

iar-bhunscolaíochta sonraítear éagsúlachtaí sna

comhthéacsanna ina bhfuil na scoileanna suite.

Dar le daltaí na hiar-bhunscoile Gaeltachta agus

áiseanna á bplé, gur bac an friotal a bhíonn in

úsáid in áiseanna don oideachas lán-Ghaeilge ar

an tuiscint agus ar an bhfoghlaim. Is é a dtuairim

gur fusa tabhairt faoi ábhair áirithe i mBéarla

seachas bheith ag iarraidh plé le téarmaíocht

Ghaeilge atá dar leo mí-nádúrtha agus níos casta

ná mar ar chóir di a bheith. Dar leo freisin gur

fusa agus ciallmhaire an cleachtas é sin, ó tharla

go bhfuil sé i gceist acu tabhairt faoi na scrúduithe

stáit i mBéarla. Is léir i gcás iar-bhunscoileanna na

Gaeltachta go bhfuil an Béarla in úsáid mar theanga

teagaisc agus foghlama i gcás ábhair éagsúla. Glactar

leis go mbaintear leas as an mBéarla i scoileanna

lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht freisin ach

an chuma ar an scéal gur ar mhaithe le dúshláin

sheachtracha a shárú a dhéantar seo seachas é a

bheith mar thoradh ar chinneadh pearsanta an

dalta.

Aithnítear go bhfuil ról áirithe ag an mBéarla

mar theanga teagaisc agus foghlama in iarbhunscoileanna

lán-Ghaeilge. Moltar féachaint an

mbeadh sé éifeachtach cur chuige dátheangach

a úsáid in amanntaí agus téarmaíocht á scagadh.

Tuigtear nár mhór an cur chuige seo a phleanáil go

cúramach agus monatóireacht ghéar a dhéanamh

air lena chinntiú nach gcuirtear cultúr teagaisc

agus foghlama lán-Ghaeilge na scoile i mbaol. Is

straitéis í seo b’fhéidir a chúiteodh de bheagán pé

bearna foclóra atá in aigne an dalta agus freisin

a d’ullmhódh é / í don léann i mBéarla ag an tríú

leibhéal.

Tugann roinnt rannpháirtithe suntas do mhúinteoirí

nach bhfuil ardchumas acu sa teanga agus é seo

mar bhac ar an bhfoghlaim agus ar an teagasc lán-

Ghaeilge. Dar leis na daltaí go bhfuil tionchar aige

seo ar an bhfoghlaim, ar atmaisféar an ranga agus

ar an gcaidreamh idir an dalta agus an múinteoir.

Moltar go rachfaí i gcomhairle leis na heagraíochtaí

sin a bhfuil forbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí

mar chúram orthu ar mhaithe le cúrsa oiliúna mar

aon le seirbhís tacaíochta a sholáthar a bheadh

dírithe orthu siúd a bhfuil sé i gceist acu tréimhse

ghairmiúil a chaitheamh in iar-bhunscoil lán-

Ghaeilge.

PAGE 89