11.07.2015 Views

Leabhar Iomlán - Cogg

Leabhar Iomlán - Cogg

Leabhar Iomlán - Cogg

SHOW MORE
SHOW LESS
  • No tags were found...

You also want an ePaper? Increase the reach of your titles

YUMPU automatically turns print PDFs into web optimized ePapers that Google loves.

tt Sampla 2100 000 lítear peitril atá ag garáiste.Má mheasann an bainisteoir (a) go ndíolfaidh sé 4000 lítear sa lá(b) go ndíolfaidh sé 5% dá stoc sa lá,ríomh an difríocht idir an dá mheastachán tar éis 20 lá.Tar éis 20 lá: 4000 X 20 80 000 lítear díolta⇒ 100 000 80 000 20 000 lítear fágtha.Tar éis 20 lá, tá an stoc cumaisc (laghdaithe), F P(1 i) tMar sin is é an difríocht idir an dá mheastachán ná 15 849 lítear. 100 000 (1 0.05) 20 35 849 lítearCleachtadh 5.2(Sa chleachtadh seo, úsáidtear dímheas ar mhodh an chomhardaithe laghdaithigh mura ndeirteara mhalairt.)1. Cén luach a bheidh ar charr, a chosnaíonn 30 000,(i) i gceann cúig bliana (ii) i gceann deich mbliana bunaithe ar dhímheas 15% sa bhliain?2. 1400 atá ar theilifíseán nua. Má ghlacaimid leis gurb é 8% in aghaidh na míosa an rátadímheasa, faigh luach an teilifíseáin faoi cheann 15 mhí.3. Cosnaíonn carr 44 000. Tagann dímheas 20% ar a luach sa chéad bhliain, agus tagann dímheas15% sa bhliain ar a luach, ar mhodh an chomhardaithe laghdaithigh, do gach bliain ina dhiaidh sin.Faigh luach an chairr faoi cheann (i) 3 bliana (ii) 6 bliana.4. Ceannaíonn comhlacht áirithe meaisín a chosnaíonn 140 000.Le go mbeidh siad in ann meaisín nua a cheannach nuair a bheidh an ceann seo caite,infheistíonn an comhlacht 25 000 i mbanc a thugann ús iolraithe 3.5% in aghaidh na bliana.Má thagann dímheas ar an meaisín ar ráta 20% sa bhliain, faigh(a)(i) luach an mheaisín i gceann 4 bliana(ii) luach na hinfheistíochta coigiltis i gceann 4 bliana.(b) Más é 2% in aghaidh na bliana an meánráta boilscithe i gcaitheamh na 4 bliana, faigh(i) an costas a bheidh ar mheaisín nua a cheannach i gceann 4 bliana(ii) an méid airgid a chaithfidh an comhlacht a chur lena gcoigilteas d'fhonn meaisínnua a cheannach, má chuirtear san áireamh luach athláimhe an mheaisín atá annfaoi láthair i gceann 4 bliana.(Nóta: Is éard is boilsciú ann ná ardú ar leibhéal ginearálta na bpraghsanna ar earraí agusar sheirbhísí i ngeilleagar.)5. Tagann laghdú ar luach sócmhainne áirithe atá ag comhlacht, ó 175 000 go 73 187.09, arráta dímheasa 16% in aghaidh na bliana thar t bliain.(i) Bain úsáid as triail agus earráid chun luach t a mheas.(ii) Bain úsáid as logartaim chun luach t a fháil.177

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!