11.07.2015 Views

Leabhar Iomlán - Cogg

Leabhar Iomlán - Cogg

Leabhar Iomlán - Cogg

SHOW MORE
SHOW LESS
  • No tags were found...

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

6. Tá stoc 60 000 kg de phúdar bainne triomaithe ag uachtarlann i ndeireadh Eanáir 2004.Má laghdaítear an stoc ar ráta 15% in aghaidh na míosa, faigh stoc an bhainnethriomaithe, go dtí an kg is gaire, i dtús Aibreáin 2005.7. Ceannaíonn feirmeoir tarracóir ar 180 000.Glacann sé leis go mbeidh luach trádála isteach 80 000 ar an tarracóir i gceann 10 mbliana.(i) Ríomh an ráta dímheasa in aghaidh na bliana, bunaithe ar na figiúirí sin. Bíodh anfreagra ceart go dtí ionad amháin de dheachúlacha.(ii) Ar an ráta sin, cathain a thitfidh luach an tarracóra faoi bhun 60 000?8. Ceannaítear ríomhaire ar 2500.Déan comparáid idir luachanna trádála isteach an ríomhaire faoi cheann 4 bliana bunaithe ar(a) glanchaillteanas luacha de 550 in aghaidh na bliana, nó(b) caillteanas 35% in aghaidh na bliana.9. Ceannaítear córas ríomhaireachta ar 23 500. Tagann dímheas air ar ráta 28% sa bhliain.Faigh luach an ríomhaire faoi cheann(i) 2 bhliain (ii) 5 bliana (iii) 7 mbliana.10. 8000 a bhí ar chóras aerchóirithe. Taispeántar thíos líne le haghaidh dímheas dronlíneachagus cuar le haghaidh dímheasa de réir comhardú laghdaitheach don chóras seo.Euro ()80007000600050004000300020001000012 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12Blianta(i) Bain úsáid as an ngraf chun an ráta dímheasa a mheas.(Bíodh an luach faoi cheann 20 bliain 1.)(ii) Mínigh cén fáth nach féidir luach nialais a bheith ar chuar an chomhardaithe laghdaithighgo brách.(iii) Faigh fána na líne dírí a sheasann do dhímheas.(iv) Déan meastachán ar phointe trasnaithe an dá ghraf.(v) Cén luach atá ar an gcóras faoi cheann 5 bliana ar bhonn an chomhardaithe laghdaithigh?(iv) I do thuairim, cén modh dímheasa a thugann an luach is réalaíche ar an gcóras? Mínighdo fhreagra.178

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!