11.07.2015 Views

Leabhar Iomlán - Cogg

Leabhar Iomlán - Cogg

Leabhar Iomlán - Cogg

SHOW MORE
SHOW LESS
  • No tags were found...

Create successful ePaper yourself

Turn your PDF publications into a flip-book with our unique Google optimized e-Paper software.

4. Tógann Risteard agus Natalie amach iasacht 150 000 thar 30 bliain ar ús 8.25% in aghaidh nabliana, arna athiolrú go míosúil. Tá a gcuid aisíocaíochtaí socraithe ag 1127 in aghaidh na míosa.(i) Bain úsáid as scarbhileog cosúil leis an gceann thíos agus ríomh an méid den iasacht abheidh fós le híoc faoi cheann 5 bliana.1234567A B C D EMorgáiste Ús Íocaíocht Iarmhéid150000149863149725.1149586.3149446.6990989.0958988.1856987.2695986.347211271127112711271127149863149725.1149586.3149446.6149305.9(Nóta: Ach líne 3 a aibhsiú agus an chros in íochtar ar dheis a shracadh, is féidir ant-iarmhéid ar an gcuntas a fheiceáil mí ar mhí.Tar éis dóibh an iasacht a aisíoc ar feadh 5 bliana, déanann siad íocaíocht chnapshuime 40 000.(ii) Cá fhad a thógfaidh sé an iasacht a aisíoc i ndiaidh na híocaíochta seo?(iii) Cé mhéad a shábháiltear tríd an íocaíocht chnapshuime a dhéanamh?5. Ofrálann cluiche crannchuir i Stáit Aontaithe Mheiriceá pota óir $21.5 milliún marphríomhdhuais. Tá an duais seo le tabhairt in 26 tráthchuid bhliantúil ar fiú $A an ceann iad.Tugtar an chéad tráthchuid ar an spota.Tá sé ráthaithe go dtiocfaidh méadú 4% ar luach na híocaíochta gach bliain.(i) Scríobh síos, i dtéarmaí A, méid gach ceann de na chéad cheithre íocaíocht.(ii) Scríobh síos uaidh sin sraith iolraíoch a sheasann don phota óir $21.5 milliún.(iii) Faigh, ceart go dtí an dollar is gaire, luach gach tráthchoda $A.(iv) Bain úsáid as do luach ar A agus as do fhreagra ar (i) chun cairt a chomhlánú lehaghaidh na gcéad cheithre íocaíocht.Uimhir íocaíochta 1 2 3 4Méid iarbhír $504 607 $545 783(v) Tá rogha airgead síos ann freisin. Má ghlacann duine an rogha sin faigheann sé/síluach láithreach gach ceann de na híocaíochtaí anois.Is é 4.78% an ráta úis a úsáidtear le haghaidh airgead síos.Ag úsáid na cairte in (iv) duit, comhlánaigh an tábla seo a leanas:Uimhir íocaíochta 1 2 3 4Luach láithreach $485 199 $478 002(vi) Scríobh síos, i dtéarmaí n, slonn do luach láithreach an nú híocaíocht bhliantúil.(vii) Faigh suim iomlán na luachanna láithreacha, i.e. an t-airgead atá iníoctha faoin roghaairgead síos.(viii) Buadh an pota óir seo le déanaí. Roghnaigh an buaiteoir airgead síos. Tar éis cáin aíoc, fuair sí $7.9 milliún. Agus tú ag úsáid an fhreagra a fuair tú ar (vii), faigh ancéatadán cánach a gearradh ar an airgead a bhuaigh sí. (In oiriúint as Scrúdú nahArdteistiméireachta, Tionscadal Mata, Páipéar 1, 2011 ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit.)191

Hooray! Your file is uploaded and ready to be published.

Saved successfully!

Ooh no, something went wrong!